Amhrán na Trá Báine – Sean Nós na bhFear 2019

Amhránaí

Téamaí

Amhrán na Trá Báine

Is faraor géar nár cailleadh mé an lá ar baisteadh mé go hóg
Sul a fágadh i mo chadhain aonraic mé gan féithideach an bhéal beo.
Níl deartháir a’m is níl deirfiúr agam is níl mo mháithrín beo
‘S tá mo dheaide bocht lag éalannach, ’s a Chríost cén t-ionadh dhó?

Is mo bheannacht leis an teach údan ar chaith mé seal don saol
Mo bheannacht leis na deartháireachaí a bhíodh ann ag déanamh grinn
Is a Dhia nach bocht an cás dhom é, is gan fáil a’am iad fháil choichín
Gurbh é sin a d’fhágadh buartha mé is an ghruaig ag titim dhíom.

‘S d’fhága sibh an caladh amach ar maidin leis an lá,
Dia linn ‘s Muire, sibh an triúr a chuaigh sa ngábh
Níl blas ar bith dár cheannaigh sibh nár tháinig don Trá Bháin,
Ach mo thriúr-sa buachaillí maithe gan a mbeo ná a marbh fháil.

Is mo dhiomú dhaoibhse a dheartháireachaí nach dtagann isteach faoi thír
Go gcuirfidh cónra chláir oraibh amach ó láimh an tsaoir,
Chaoineadh mná óga an bhaile sibh, i gcleamhnas ‘s i ngaol
Ach sí Bríd Ní Mháille a chaill sibh ’s a bheas cráite lena saol.

Is mo bheannacht go na curachaí ‘s mo dhiomú go na báid;
Mo dhiomú ghéar don fharraige atá siar leis an Trá Bháin
Nár shíl mé dhá mbáfaí céad fear go dtiocfadh mo Mhicil slán
Ach a dheartháireachaí is breá nár chuimhnigh sibh ar a theacht isteach sa snámh.

Is tá cumha i ndiaidh Phatch is Tom a’am, is caith mhór ina ndiaidh.
Mo dheartháir eile Máirtín a bádh fadó ariamh
‘Sé Micil Bán ba mheasa liom dhá bhfaca mé ariamh
Scread chráite ar an toinn bháite, a d’fhága mé ina ndiaidh.

Is dána an rud a chaill mé libh deartháireachaí mo chroí
Sibh a ghoil go Gaillimh i gcurachín is dhá gcuir ó mhaidhm go maidhm
Go bhfanóinn ins an mbaile agaibh ‘gus an gheall a bhain sibh díom
Go dteo ní thiocfadh cláir oraibh nó go bhfaigh muid malairt saoir.

‘S go bhfóire Dia ar na dílleachtaí a d’fhága sibh le fán
Is beag a cheapadh tamall dhaoibh, bheith scaipí anonn is anall
Dá gcuirfinn in san reilig sibh ní chuirfinn ann le cás
Ach dá mboncáil idir maidhmeannaí ‘s dhá gcur ó aill go h-aill.

‘S nuair a bhí teach agamsa, céad faraor níor fhan mé ann
Ach anois tá sé scaipthe orm is gan rud ar bith dhá bharr
An té a choinneodh ceart dhom é, céad faraor fuair sé bás
Ach a dheartháireacha ó mo bheannacht libh, sé a gcliamhain atá ina n-áit.

Is go bhfóire Dia ar mo dheirfiúr bocht atá thiar in sa Trá Bháin
Ag breathnú ar na ballaí san áit a mbíodh sibh ann
Bhí fairsinge mhór do thalamh againn ’s neart againn le cuir ann
Ach nach cuma leis an gCeallach é mar is leis a d’éirigh an áit.