Eleanóir na Rún

Amhránaí

Téamaí

Eleanóir na Rún

Mo ghrá thú den chéadfhéachaint a Eileanóir na Rún
Is ort a bhím ag cuimhniú, tráth a mbím ar mo shuan
A ghrá den tsaol ‘s a chéadsearc ‘s tú is deise ná ban Éireann
A bhruinnillín deas óg ‘s tú is deise is ‘s milse póg
Chúns mhairfead beo beidh gean agam ort,
Mar is deas a sheolfainn na gamhna leat, a Eleanóir na rún.

Bhí bua aici go meallfadh sí na héanlaith ón gcrann
‘S bhí bua eile aici go dtógfadh sí an corp fuar ón mbás
‘S bhí bua eile aici nach ndéarfaidh mar sí grá mo chroí is mo chéadsearc
A bhruinnillín deas óg, ‘s tú is deise ’s is milse póg
Chúns a mhairfead beo beidh gean agam ort
Mar is deas a sheolfainn na gamhna leat, a Eleanóir na rún.

An dtiocfaidh tú nó an bhfanfaidh tú, a Eleanóir na rún?
Nó nach n-aithneofá an té nach gcáinfeadh thú, a chuid den tsaol is a stór?
Ó, tiocfaidh ach ní fhanfaidh mé,
Is maith d’aithneoinn an té nach gcáineadh mé
A bhruinnillín deas óg, ‘s tú deise is ‘s milse póg
Chúns mhairfead beo, beidh gean agam ort
Mar is deas a sheolfainn na gamhna leat, a Eleanóir a rún.