Bruach na Carraige Báine – Sean Nós

Bruach na Carraige Báine

Is thiar cois abhainn gan bhréag gan dabht,
Tá an ainnir chiúin-tais, mhánla.
Gur gile ar a com í ná an eala ar an dtonn,
Ó bhaithis go bonn a bróige.
Sí an stáidbhean í a chráigh mo chroí,
Is d’fhág sí m’intinn brónach,
Is leigheas le fáil níl agam go brách
Ó dhiúltaigh mo ghrá geal domhsa.

Ó b’fhearr liom fhéin ná Éire mhór
Ná saibhreas Rí na Spáinne,
Go mbeinnse ‘gus tusa a lúib na finne
I gcoillte i bhfad ónár gcairde.
Ó mise is tusa a bheith pósta a ghrá,
Le haon-toil athar ‘gus máthar.
A mhaighdean óig is milse póg,
Gur tú grian na Carraige Báine.

A stuaire an chinn chailce, más dual go mbeir agam,
Beidh cóir ort a thaitheoidh led’ chairde,
Idir síoda ‘gus hata ó bhonn go baithis,
Is gach ní insa chathair dá fheabhas

Beidh do bhólacht a dtarrac gach neoin chun baile
Is ceol binn ag beacha ar bhánta,
Beidh ól ar do ghlacadh is cóiste id’ tharraingt,
Go Bruach na Carraige Báine.