Iníon an Fhaoit’ ón nGleann – Sean Nós

Iníon an Fhaoit’ ón nGleann

Siúil, a chuid is bí ag gluaiseacht gan scíth, gan stad, gan fuaradh
Tá an oíche ghairid Shamhraidh ann is béam araon ar siúl,
Mar a bhfaighimid radharc ar chuanta, ceol aoibhneas is bailtí móra,
Is a Dhia nach ró-bhreá an uain í, le iníon an Fhaoit’ ón nGleann.

Táimse lán de náire, ó trí gach beart dá ndearna,
Mar is buachaill bocht a cráigh mé is d’imigh uaim mo ghreann.
Ní beo mé mí ná ráithe muna bhfaighe mé gean is grá uait,
Is  fáilte chaoin ó d’ chairde, a iníon an Fhaoit’ ón nGleann.

Bhíos-sa lá breá aerach im shuí ar dhroim an tslé amuigh
Sea do chuala an lon is an chéirseach ag seinmt os mo chionn
Is deas mar a scrífinn bhéarsa,’s níos deise ná mar a léifinn
Is dán id’ mholadh féinig, a iníon an Fhaoit’ ón nGleann.

Thíos i Móin na Rátha, sea chónaíonn mo ghrá gheal.
Sí an chuaichín mhilis mhánla í, go bhfuil a píb mar eala ar linn.
‘S gur binne í ná an chláirseach, ‘s na ceolta binne i ngáirdín.
Is truasa fear mar atáimse, ó d’fhág sí mé tinn.

Níl aon chailín spéiriúil, ná gluaisfeadh seal liom féinig
Tríd na gleannta méidhre is ar ard na sléibhte ó thuaidh
Dá mbeimís ag ‘na chéile, ag ól i nDúrlas Éile.
Mo láimh ar chom mo chéad searc, is a bhearfaimist chun suain.