An Bhuatais – Sean Nós

Téamaí

An Bhuatais

Aililiú a dhuine do chruinnigh an t-ualach,
Ar mhiste leat gluaiseacht no an mairfir go brách?
Bagún dod chistin a d’oirfeadh rómhór duit
Is má chuirfear san uaigh leat é codail go sámh.
Dá mhéad iad do dhlíthe, d’ionmhain is d’ualach
Chífidh tú an tuama romhat lán des na cnámha.
Ach de réir mar a thuigim do shentence an uair úd,
Ní thabharfairse an bhuatais go Flaithis na nGrást.

Is dóigh liom gur chodail tú i gcraiceann mhic tíre
Is an t-ainspiorad coimhthíoch ag faire ar do bhráid.
Ná déan Dia ded bholg i bpobal na mílte,
Nó an bhfeiceann tú Gaeil bhocht’ le heasnamh ag fáil bháis?
D’aithníos ar do dhochma lá crochta na síol dom
Ná raibh do chroíse istigh ag smaoineamh ar eagla an bháis.
Ach an crann a mbíonn an toradh air ní chloisim go gcríonann,
Is go bhfóire go caoin é Mac Mhuire na nGrás.

Mo ghrá, mo lagar, i mbranar ag gluaiseacht,
Ní chloisim aon duan uair i bhFlaitheas na nGrás;
Ní airím, ná meamram cneasta ná stuama,
Ó cailleadh Eoghan Rua bocht níl a bharra le fáil.
An té a thabharfadh bliain ar an leaba i ngalar is i gcruatan,
Is a d’éireodh ina sheasamh ag grafadh is ag bualadh,
Is ná smaoineodh ar Aifreann beannaithe an Uanmhic,
A shaorfadh ón gcruatan a anam lá an ghá.

A bhráthair, gach filleadh a shilis go buacach,
Chífidh tú an buachaill marbh ar chlár,
Cordaí go daingean á cheangal ar ghuailibh,
Go gcuirfear san uaidh é le hualach ón rámhainn;
Nó ar fhéach tú go minic ar dhuine a bhí i gcruatan?
Gheobhaidh tú do dhualgas, mar a mheasaim, lá an bháis;
Raghair sna Flaithis gan hata, gan bhuatais,
Ach cochall ró-uasal anuas ort go sáil.

Aililiú, a dhuine, chonaic tú na mílte,
Is ní fhaca tú Íosa a d’fhulaing an Pháis
Ar Chranna na Croise is an chonairt á dheoladh,
Mar a mbíodh an Fhuil Ghlórmhar ina ceathanna ar lár.
A Ríon dil na Cruinne tríd’ bhroinn gur seoladh,
Le haoibhneas do bhrollaigh ba mhilis a thóg É;
An tré a dhein fíon den uisce ní bhainfidh sé an choróin díot,
A Bhanríon na Glóire, mar thuilis í a fháil.

Dá mairfeadh Naomh Peadar is, gan dearmad, Séamas,
Aindriú ba néata a thuirling i mbróig,
Maitiú is Pilib, aon mhac Alphéus,
Maitiú ba néata, le Jude agus Siún;
Siúd iad an fhoireann a chonaic an t-aichtéamas
Ar an gcrann is é ag titim le dlíthe an Aonmhic.
Is dóigh liomsa, a dhuine, ná tuigirse an Ghréigis.
Seo! Caith díot an éide mura leanair Naomh Pól.