Cois Abha Móire na nDéise – Sean Nós

Cois Abha Móire na nDéise

Nach róbhreá an dúthaigh ina mbéarfainn liom thú,
Go cois Abha Móire na nDéise,
Mar a mbíonn an smóilín is an lon go ceolmhar
‘S fia na mbeann dá thraochadh,
Bíonn torthaí cumhra ann ar chrannaibh á lúbadh
‘S bláth na n-úll ar ghéagaibh,
An chuach gan amhras i dtúis an tsamhraidh
‘S an traighin ag labhairt sa bhféar glas.

Ná pós aon smíste de bhodach críonna
Nó ní bheidh sé choíche ach ag plé leat,
Ag troid is ag bruíon leat de ló is d’oíche
‘S ag casadh gníomhartha an tsaoil leat,
A chuid is a mhaoineach, ná tuigirse id d’intinn
Nach í an fhírinne a dheirim,
Ach gaibh le buachaill ó chois Abha Móire
Ná casfaidh gruaim a’ tsaoil leat

Is inis do d’athair nó do do mháthair,
Cé acu ab fhearr leat féineach,
Mar ná fuilimse fáilte, bocht ná cráite
‘S ná raghad ar scáth aon scéil leat,
Mar tá agam áras fairsing fáilteach
Is lán eastáit dá réir sin
Imrím táiplis le fearaibh ghalánta
Lucht Laidine ard is Gréigis.

Ó ní neosfad dom’ athair nó dom’ mháthair
Pé ‘cu is fearr liom fhéineach
Mar ní gnáth san cruach ná stáca
Ag máistir scoláirí in ao’ chor
Ach táimse a’ rá leat go bhfuilim i ngrá leat
Thar a bhfuil ar chlár an tsaoil seo
Seo ball mo láimh duit is glac le páirt í
‘S do mhalairt go brách ní dhéanfad.