Ceol an Phíobaire – Sean Nós na mBan 2018

Ceol an Phíobaire

Má phósann tú an siostalóir, is tú a bheas ag caoineadh,
A mhuirnín dílis is a fhaoileann ó,
Ó, beidh tú do thachtadh le barrach na tíre,
A mhuirnín dílis is a fhaoileann ó,
Ó, beidh tú i do shuí go mbeidh sé an meán oíche,
Ag síor dhó na gcoinneal is ag sciobadh an lín dó,
Is ba mhíle b’fhearr duit mise agat, is ceol binn mo phíbe,
A mhuirnín dílis is a fhaoileann ó.

Má phósann tú an fíodóir, is tú a bheas ag caoineadh,
A mhuirnín dílis is a fhaoileann ó,
Beidh céad lug lag ag an úim á scaoileadh,
A mhuirnín dílis is a fhaoileann ó,
Ó, beidh tú i do shuí go mbeidh sé an meán oíche,
Ag síor dhó na gcoinneal is ag crónán fán inneach,
Is ba mhíle b’fhearr duit mise agat, is ceol binn mo phíbe,
A mhuirnín dílis is a fhaoileann ó.

Má phósann tú an táilliúr, is tú a bheas ag caoineadh,
A mhuirnín dílis is a fhaoileann ó,
Beidh sop i mbéal an dorais, mar bheadh madadh ar charn aoiligh,
A mhuirnín dílis is a fhaoileann ó,
Ó, beidh tú do shuí go mbeidh sé an meán oíche,
Ag síor dhó na gcoinneal is ag creimneáil na bpíosaí,
Is ba mhíle b’fhearr duit mise agat is ceol binn mo phíbe,
A mhuirnín dílis is a fhaoileann ó.

Má phósann tú an píobaire is tú a bheas fá aoibhneas
A mhuirnín dílis is a fhaoileann ó,
Gheobhaidh tú marcaíocht ‘un na n-aontach
A mhuirnín dílis is a fhaoileann ó,
Ní bheidh tú i do shuí go mbeidh sé an meán oíche
Beidh airgead ‘do phócaí is ór buí ‘na phíosaí,
Mar sin ba mhíle b’fhearr duit mise agat is ceol binn mo phíbe,
A mhuirnín dílis is a fhaoileann ó.