Amhrán na Trá Báine – Corn Uí Riada 2013

Téamaí

Amhrán na Trá Báine

‘Gus nuair a bhí teach agamsa, faraor nár fhan mé ann
Is nuair a bhí sé scaipthe uaim gan tada ar bith dhá bharr
An fear a choinneodh ceart dom air, céad faraor fuair sé bás
Ó is a dheartháir bocht mo bheannacht leat, sé do chliamhain atá i t’áit.

Agus shíl mé go raibh fabhar agam leis an bhfear a rinne an bád
Níor airigh sé gan caraid mé ‘s mé i bhfad ón Trá Bháin
Mar shíl mé dá mbáfaidh míle fear go dtiocfá a Mhicil slán
‘S a dheartháir bocht níor chuimhnigh tú a theacht i dtír sa snámh.

‘S nach dona an rud ar chaill mé leis ó deartháireacha mo chroí
Iad ag goil go Gaillimh i gcurachín dhá gcur ó mhaidhm go maidhm
Mar dhá bhfaighinnse sa mbaile agam sibh,‘s an geall a bhain mé díbh
Ó, go deo ní leagfaí clár orthu nó go bhfaigheadh muid athrú saoir.

Is bhí cumha i ndiaidh Pheait ‘gus Tom agam is bhí cathú agam ina ndiaidh
‘S deartháir eile Máirtín bocht sé a báthadh fadó riamh
Sé Micil bán ba mheasa liom mar ní fhacas a leithéid riamh
Ach mo bhrónsa don toinn bháite sí a d’fhága mé gan iad.

Agus d’fhága siad an caladh uaim ar maidin roimh an lá.
Ó Dia linn agus Muire leis an triúr a chuaigh sa ngábh
Deamhan tada ar bith dár cheannaíodar nách dtáinig don Chaisleán
Tháinig na maidí ar an duirling ann ‘s an churach ar an trá.

Is tá cath is cáin ar Éirinn bhocht is m’anam fós nach cóir
Tá an fear amuigh ag baint na bhfataí ann tá an bhean is í ag bleán na bó
Ní hé sin do South Boston, déan thusa obair nó lig dhó  
Mar a shaothródh an bhean ach dollar ann beidh an fear istigh dhá ól.

Muise shoraidh dhíbh, a dheartháireachaí, dhá dtagadh sibh  i dtír
Ó chuirfinn cónra gheal oraibh amach ó láimh a’ tsaoir
Ó chaoinfeadh mná an bhaile sibh, a gcleamhnaí is a ngaol
Ach sí Bríd an  bhean a chaill sibh ‘s a bhéas cráite lena saol.