An Gabha Ceártan – Corn Uí Riada 2011

An Gabha Ceartan

Agus chaith mé bliain ‘gus rátha
‘I mo ghabha ceártan i gCúige Laighean
Agus tuairisc mo ghrá ní bhfuair mé
Nó go dtáinig mé ar m’ais arís
‘Gus tá an saol seo ar fad cráite
Agus ní áirímse mo mhuintir fhéin
Is ar an gcnoc sin thall atá m’áras,
Ach ar an bPápa ní cheilfead é.

Agus is soir atá mo tharraingt
Agus is fada uaidh sin grá mo chroí
Óir sí gile í an chúilín péacach,
Is ina diaidh seo ní bheidh mé beo
Is ina dhiaidh sin  níor mhaith leat é,
Ach naoi n-uaire sea b’fhearr liom pósta leat,
Go mór ná a bheith anseo liom fhéin.

‘Gus tuige nach dtagann tú lá éicint,
Agus mé fháil ó mo mhuintir fhéin?
Nó tuige nach dtagann tú lá ar bith
‘S tabhair leat mé ar fad dhuit fhéin
Mura mbeidh siad seo uilig sásta
an cás seo is é a fheiceáil réidh
Ó déanaigí cónra chláir dhom
Agus fágaidh mé go domhain sa gcré.