Bríd Thomáis Mhurchadha – Corn Uí Riada 2008

Téamaí

Bríd Thomáis Mhurchadha 

Is a Bhríd Thomáis Mhurcha ó beirimse an barr leat fhéin   
Ar gile, le finne, ó is deise ‘gus áille méin
Do chúilín deas triopallach a bhí fite ina thrilseáin óir
Is an té a bheadh le t-ais-sa nach dtabharfá-sa  soilse dhó.

‘Gus gabhfaidh mé go Gaillimh go gceannóidh mé gáirdín úll,
Beidh long agam ar  fharraige le haghaidh a bheith ag déanamh spóirt.
Ar fhilliúint ó Shligeach dhom agus leide beag a fháil don chóir,
Ní chúlóinn faoin m’bealach nó go mblaisfinn de phóg mo stór.

’S má bhí mise folamh, dar m’fhocal dhuit is mór an scéal,
Is a liachtaí bean óg deas a thug taitneamh do ghlór mo bhéal.
Dá mbeadh sé cur sneachta cur sioc as chuile cheard den spéir
Ach tusa lem ais-sa, is ní aireoinnse buaireamh an tsaoil.

’S an taonmhac Mhuire chuir s an cuileann tríd an bhféar a’ fás,
Nach mise an trua Mhuire is mé ag cailliúint na ngéag le grá
Ná bíodh sé inár gcinniúint nach féidir linn a chéile a fháil,
Bí thusa in do choinneal is beidh mise i m’fhéileacán.