Anois teacht an Earraigh – Corn Uí Riada 2018

Anois Teacht an Earraigh

Anois teacht an Earraigh beidh an lá dul chun síneadh,
Is tar éis na Féil’ Bríde sea ardóidh mé seol.
Ach ó chuir mé mo cheann é ní stopfaidh me choíche
Nó go seasfaidh mé síos i lár Chondae Mhaigh Eo.”

‘S i gClár Chlainne Mhuiris a bheas mé an chéad oíche,
Is i mBalla taobh thíos de sea thosóidh mé ag ól
Go Coillte Mach rachad nó go ndéanfad cuairt mhíosa
I bhfogas dhá mhíle do Bhéal na Trá Mhóir.

‘S Cill Aodáin an baile a bhfásann gach ní ann,
Tá sméara is subh craobh ann is meas ar gach sórt,
Ach dá mbeinnse i mo sheasamh istigh i gceartlár mo dhaoine
Nach n-imeodh an aois díom agus bheinn mo lad óg.