Maighre an Chúil Óir Bhuí – Sean nós na mban 2013

Ó chaith mé seacht seachtainí i Mainistir na Búille
Mo shuí ‘s mo luí, ní mo chodladh ach mo mhúscladh
Nuair a shíl mé bheith teacht ‘na bhaile is an eaglais a bheith faoi rún liom
‘Sé brí mo scéil a chailín gan tusa a bheith ag dúil liom.

‘S nach maith an fear fóinte mé lá Fómhair is Earraigh
Ó bhainfainn fhéin an chruithneacht agus chuirfinn romham í ins na bealaigh
Tá bláth buí ar an eorna is tá ’n Fómhar ag pilleadh arís liom
Ach croí brúite ar an óigmhnaoi, is nach lag brónach a d’fhág sí mise.

Ach tógfaidh mé mo sheoltaí go brónach fá Shamhain
Is ní dhéanfaidh mé stad nó cónaí go dtéigh mé féin is mo ghrá go Sasainn
‘Sé an truaigh nach an bás a bhí i ndán domh ar mo leabaí
Sular chuir mé cúl mo dhá láimh le cúilín bán deas i bhfad ó bhaile.

Nuair a théimse i ‘gos íseal dhéanaim faoisitin leis an tsagart
‘S is ortsa a bhím ag smaointeadh ó oíche go dtí maidin
‘S mura fhilleann tú a stóirín, faoi dhídean na coilleadh
‘Sé mo chónair a bhéas á cóiriú is bean mo chaointe i bhfad ó bhaile.

Tá smúid ar na réalta ar an ghréin is ar an ghealaigh
Tá dalladh ar mo radharc is ní léar dom na bealaigh
Tá cuach bheag i nGleann Éiniú is más féidir liomsa í a mhealladh
Ní scarfaidh mé go h-éag léi nó go dtéigh muid araon i dtalamh.