Thiar i gConnachta – Amhráin is Ansa Liom

Amhránaí

Téamaí

Thiar i gConnachta

Thiar i gConnachta atá mo lóistín
Nach fada ó bhaile mo theach is m’áit chónaí
Sheolfainn long ar an chéad mhí ‘Fhómhar
Is caithfidh mé an geimhreadh ag mo mhíle stóirín.

Chuaigh mo mhuintirsa anonn go hAlbain
A dhéanamh cleamhnais le buachaill Sasanach
Nuair a shíl mé féin ó gur stócach óg a bhí ann
Caidé fuair mé agam ann ach baintreach phósta.

Is tá fhios ag an tsaol mhór nach baintreach a b’fhearr liom
Ach stócach óg deas a mbeadh aoibh an gháire air
A labhródh liomsa go ciúin is go ceiliúr
‘S a bhéarfadh comhrá ciúin dom go mín san oíche.

Spleoid ort a chluanaí is tú a mhearaigh m’intinn
Is leat go siúlfainn thart Éirinn timpeall
Chuirfinn mo dhá lámh gheala fá do mhuineál gléigeal
Is cibé arb olc air é go mbeinnse ag caint leis.

Nach trua mé inniu agus nach trua mé amárach
Mo theach fuar folamh agus gan agam práta
Níl aon deoir bhainne agam níos gile ná an t-uisce
Tá leanbh óg agam is tá m’fhortún briste.

Scríobhfainn litir le peann is páipéar
Is níl fhios ag éinne cá bhfuil mo ghrása
Ach má tá airgead agat ná caoirigh bána.
Tabhair don leanbh iad, sé a d’ordaigh a mháithrín.

Och inniu agus och amárach
Och ‘an uile lá is chan och gan ábhar
Scéala a chuala mé go mór a chráigh mé
Is nach trom mo mhallachtsa ar an té a bhain mo ghrá domh.