An Gabha Ceártan – Amhráin is Ansa Liom 2

Amhránaí

An Gabha Ceártan

Is chaith mé bliain ‘gus ráithe i mo ghabha ceártan i gCúige Laighean 
Is tuairisc mo ghrá ní bhfuaireas nó go dtáinig mé ar m’ais arís 
Tá an saol seo ar fad cráite ‘gus ní áirím mo mhuintir fhéin 
Ach is ar an gcnoc úd thall atá m’áras, is ón bPápa ní cheilfead é.

‘Gus soir atá mo tharraingt is ní áirím mo mhuintir fhéin 
A ghiolla an chúilín phéacaigh, i do dhiaidh ní mhairfead beo. 
Nó tharraing tú milleán mór orm a mhíle stóirín níor mhaith leat é, 
Naoi n-uaire b’fhearr liomsa pósta leat, go mór mór ná i bhFlaithis Dé.

Is cén fáth nach dtagann tú a Sheáin, is mé fháil ó mo mhuintir fhéin 
Cén fáth nach dtagann tú a ghrá ghil ‘s mé fháil uathu ar fad go léir 
Mar a bhfuil siad sásta an cás seo a fháil réidh 
Nó déanaidh cónra chláir dhom ‘gus fágaí mé go domhain i gcré.

‘Gus marach mo intinn dhána gheobhainn áras ó mo mhuintir fhéin, 
Gheobhainn ba agus caoirigh bána is páirceanna dhá chaith léim. 
Gheobhainn codladh fada Samhraidh is cead spóirt dhá chaitheamh léi, 
Ach go m’fhearr liom faoi na tamhnachaí ag piocadh seamsóig le grá mo chléibh.

‘Gus diomú Rí na hAoine don té a dhíbir mo ghrá i bhfad uaim, 
Mar ní fhéadaim dul ina gaobhar aon Dé hAoine ná go moch Dé Luain. 
Dá mbeadh an oíche ina stoirm thinte is é a bheith ag cur sheaca aduaidh, 
Le mo rún dhá bhfaighinn cead síneadh go mbeinn chomh suaimhneach leis an mbradán rua.