Coinleach Glas an Fhómhair – Corn Uí Riada 2013

Coinleach Glas an Fhómhair

Nach ar choinleach ghlas an Fhómhair, a mhuirnín, sea dhearc mé thú,
Is nár mba deas do sheasamh i mbróigín is nach m’ba ró dheas é do leagan súl,
Do ghrua ba deirge ná an rósa bhí do chúilín fite dlúth
Sé mo léan gan mé is tú pósta is ar bhord na loinge is muid dul anonn.

Agus cuirimse na bróin ar an óigbhean nár fhan mar a bhí,
Nach deas mar a chasfainn ceol dhi chuile oíche Domhnaigh is mé ag tuar an lín,
Mar bhí a com ba ghile is míne ná an síoda ná clúmhach na n-éan,
Is nach trom an osna a ndeinse san am a smaoiním ar mo mhuirnín fhéin.

Agus a Mháire a dtug mé grá dhuit, ‘sé mo léan géar gan mé agus tú
Ar oileáinín rúin Phádraig áit nach snámhann an bád ná long,
Mar chaithfinnse naoi lá leat, naoi dtráth gan an codladh ciúin,
Ar shúil is go bhfaighinnse sásamh ar a ndearna tú de mhagadh fúm.

Agus fuair mé litir scríofa ó mo ghrá bán agus casaoid chrua,
Nár chuir mé aici aríst í, is bhí mo chroí istigh chomh dubh le gual,
‘Is nuair a léigh mé í go cúramach bhí na deora ag sileadh liom
Ach mí ní beo mé mara bpósfaidh mé ainnir na gcuach.

Agus cheannaigh mé buidéal réice dhom fhéin is go mo mhíle stór,
Le beannachtaí a chur léithe, cúl craobhach na bhfáinní óir,
Ach braon níor bhlais a béal dhe is nár mhéadaigh sin ar m’osna go mór,
Ach a ghrianáin ban Éireann, i do dhiaidhse, ní mhairfead beo.

Is nach cuma liomsa fhéin céard a bhéas aon fhear á lua ná á rá
Ach tabharfaidh mé cuairt is céad ar an taobh dhíom ina mbíonn sí ann
Mar sí cuaichín bharr na gcraobh í sí meidhreóigín an bhrollaigh bháin,
Sí rún is searc mo chléibh í, is ní shéanfad í nó go bhfaighidh mé bás.