Sail Óg Rua – Sean Nós

Sail Óg Rua

Nach mise an trua Mhuire ag goil go Charraigín an Fhásaigh,
Ag gol is ag gárthaíl is ag déanamh bróin
Ag oiliúint mo leanbh ar bhacán mo láimhe,
Is gan fiú an braon bainne agam a bhéarfainn dhó.

Níl mé ach tréith lag, níl maith dhá shéanadh
Níl mé ar aon nós ach mar an gceo
Tá fuil mo chroí istigh dhá shilt ina braona
‘S a Dhia, cén t-ionadh i ndiaidh mo mhíle stór.

In aois a sé déag is ea fuair mé fhéin í,
‘S nár dheas an féirín í ag fear le fáil.
Ach a stór mo chléibhe is tú a d’fhág liom fhéin mé
Mar chuaigh tú i gcré is tú in do chailín óg.

Dhá bpósfainn  mallóid de chailleach ghrána
Thóigfeadh a lán orm a bheith ag gol ina diaidh
Ach an ógbhean bhán úd a dtug mé grá di
Is gan í ach ‘na páiste tráth a fuair mé í.

Mo ghrá do bhéilín nár chum na bréaga
Do ghrua geal glégeal mar eala ar snámh   
Do chomhrá tréan le do leanbh a bhréagadh
Ach a stór níor fhéad mé thú a thabhairt ón mbás.