Bean a’ Leanna – Sean Nós

Bean a’ Leanna

Agus éirigh do shuí bhean a’ leanna
‘S ná fan le do chaipín a ghléas
Nó go dtugadh tú dhom braon uisce beatha
Nó cárt go do chuid leanna fhéin
Mar beidh muid ag ól go dtí maidin
Seo sláinte na bhfear uilig go léir
Nuair fhágas an mháistreás an baile
Beidh an cailín ‘s deise agam péin.

Is a Dhia céard a dhéanfas mé amárach
Nuair a fheicfeas mé mo ghrá goil aniar
Mar níl goire agam a ghoil ina láthair
Leis an méid ‘s a bhí eadrainn ariamh
Nuair a smaoiním ar a súgradh ‘gus ar a gáire
‘ S ar inneach a dhá láimhín a bhí fial
Óra briseann mo chroí istigh i ndólás
Agus goileann mé mórán ‘na diaidh.

Agus bhí mise oíche ‘s mé súgach
‘ S mé triall ar tigh Mhicil sa ngleann
Bhí streancán go shean phíobaire sínte ann
Agus jug fuisce líonta aige ar chlár
Ó thiteamar lag marbh síos ann
Ní raibh meabhair ina gcois ná ‘na láimh
Ach seo sláinte shíol Ádhmh agus Éabh dhaoibh
Agus íocadh mé fhéin an reicneáil.

Is fada iad mo chosa gan bróga
Ach is faide iad mo phócaí gan pingin
Is fada mé dul le mná óga
Ach níor ól mé riamh deoir le mo mhian
Is fada mo chónra dá déanamh
Mo thuamba dhá breacadh ag na saoir
Mo chróchair dá tógáil lá an Earraigh
Is na buachaillí óga dul faoi.