Mailí Ní Mhaoileoin

Mailí Ní Mhaoileoin

An dtiocfá ag baint an arbhair liom
A Mhailí Ní Mhaoileoin?
Óra tiocfad is dhá cheangal leat
Mo chuid den tsaol is a stór
Óra rachainn chuig an Aifreann leat
Ach ní le grá don abhlann é
Ach ar shúil ‘s go mbeinn ag amharc ort
Do chúilín catach bán.

An dtiocfá ar chúl an teampaill liom
A Mhailí Ní Mhaoileoin?
Céard sin atá dhá dhéanamh agat
Mo chuid don tsaol ‘s a stór
Lig m’anam liom is ná déan é
‘S ní chuirfead éileamh choichín ort
‘S dá siúilfhinn na seacht ríochta
Le do leanabhán a stór.

Tháinig Mailí Bhán ar cuairt agam
Dhá uairín roimh an lá
Is leag sí a béal anuas orm
Ba fhuaire é ná an bás
In do chodladh atá tú a bhuachaill
Is méanar dhuitse gluaiseacht
Tá an tóir seo ag tíocht anuas ort
I dtaobh bhás Mhailí Ní Mhaoileoin.

Agus cén chaoi a bhfuil do mháithrín
A ógánaigh óig?
Óra tá sí briste buartha agus beidh sí le na ló
Ní é sin fhéin is measa dhi
Ach a buachaillín ciúin mánla
Atá goil don chroch amárach
I dtaobh bhás Mhailí Ní Mhaoileoin.

Amhráin eile le Treasa Ní Cheannabháin