Neilí an Bhrollaigh Ghile

Neilí an Bhrollaigh Ghile

Neilí an bhrollaigh ghile nó an dtiocfá chun an aonaigh,
Ag ól fuisce, ag ól brandy, ag ól bainne an ghabhair ghléghil,
Ceol, spóirt, ‘s aiteas sea bhéarfainn le do linn dhuit,
Is cead codladh gan tuirse i mbrollach mo léine.

Grá m’anam agus mo chroí ort, ó d’aithris tú an méid sin.
Nó cá gcónaíonn siad, do mhuintir, nó go dteighead seal dhá bhféachaint,
Cónaíonn siad mo mhuintir cois coillte ciúin ceolbinn,
Nó ins an tseanaimsir idir Eiltín agus Eochaill.

Trua gan mé i m’iascaire a dúirt Tiarna Bhinn Éadair,
Is mo Neilí bheith ina bradáinín i gceartlár loch Éirne,
Bheinnse gabháil timpeall dá mealladh ‘s dá bréagadh
Nó go gcastaí i mo líontán í, is í grianán ban Éireann.

Is a Neilí a Dhia dhílis nó an mian leat mé a thréigean,
‘S gur in aice do mhínchnis is mian liom thú ‘bhréagadh,
Mo láimh agam ar an mBíobla is mé thíos ar mo ghlúine,
Is ní scarfainn mo thaobh leat nó go síntí san uaigh mé.

Trua gan mé is mo Neilí ar thaobh ghlas an tsléibhe,
Nó i ngleanntáinín uaigneach ‘s muid a’ piocadh sú craobha ann
Mo dhá láimh a bheith thairtí is mé pógadh a béilín
Is bheinnse dá bréagadh nó go dtiocfadh Lá an tSléibhe.

Trua gan mé ‘mo ghiúistís, ‘gus mo chúl agam leis an ngarda,
Is cead agam dhá mbeinn i m’impire mo long a chuir thar sáile,
Chúig mhíle punt is é fháil ins chaon láimh liom,
Sí Neilí mo roghain ar mhná an domhain ó faighim í.

Amhráin eile le Treasa Ní Cheannabháin