An Spailpín Fánach – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

An Spailpín Fánach

Ó is spailpín aerach tréitheach mise ‘s bígí a’ soláthar mná dom,
Mar scaipfinn an síol faoi dhó san Earrach in éadan na dtaltaí bána,
Scaipfinn an síol faoi dhó san Earrach in éadan na taltaí bána,
Mo láimh ar an gcéacht i ndiaidh na gcapall agus réabfainnse cnoic le fána.

Ó is mo chúig chéad slán leat a dhúthaigh m’athar agus leis an oileán grámhar,
‘S an scata fear óg atá i mo dhiaidh ag a baile a dhéanamh cabhair orm in am an ghátair.
Tá Baile Átha Cliath dóite ‘s tógfar Gaillimh beidh lasair ina thinte cnámha.
Beidh fíon agus beoir ar bhord ag m’athairse chun cabhair ag an spailpín fánach.

‘S an chéad lá in Éirinn dár liostáil mise nach bhí mé a bhí súgach sásta,
An dara lá dár liostáil mise nach mé a bhí buartha cráite.
An tríú lá dár liostáil mise thabharfainn cúig chéad punt ar a fhágáil,
Dá dtugfainn sin agus an oiread eile ó ní raibh mo phas le fáil a’am.

Agus bhí mise lá breá ar mhargadh Chill Chainnigh agus tháinig sé trom ina bháisteach,
’Gus chuaigh mé isteach i dteach an óil mar níor fhéad mise ariamh é fhágáil
Cé a chasfaí isteach ach bean a’ leanna féachaint a n-ólfainn mo pháighe,
’S dheamhan deoir dár glaodh as sin go maidin ná raibh thíos in aghaidh an spailpín fánach!

Agus bhí mise lá breá thíos i nGaillimh agus chuaigh an abhainn le fána,
Bhí an breac ’s an eascann ’s an beairtín slat ann ’s ’chuile ní dhá bhreácha
Bhí mná óga ann múinte mánla’ s iad a bhí tanaí tláth-dheas,
Deamhan bean óg dár shuigh mise léi nach chuir mise an dubh ar a’ mbán di!

Agus b’fhaide liomsa lá ’ bheinn i dteach gan charad ná dhá mhí dhéag ’s ráithe,
Is buachaillín aerach meanmnach mise is bhréagfainn a bhruinneall mhánla.
Dhá bhean déag ’bhí ag éad ’s ag iomaí liom a’ súil le tairbhe mo láigh!
B’é paidir na caillí nuair a théim thar an tairseach:
“Now behave yourself a spailpín fánach!”