Amhrán Rinn Mhaoile – Sean Nós na mBan

Amhrán Rinn Mhaoile

Agus scríobhfainn agus léifinn leabhra Gaeilge cé gur milis é blas
Is dhéanfainn céachta Gaelach a réabfadh an iomaire glas
Dhéanfainn teach téagair ar mo chéad shearc ‘s bhréagfainn í ann
Ach fear eile mo thréartha níorbh fhéidir nó d’éalódh leis bean.

Is nár fhaigh mé bás choichín nó go gcaithfidh mé dhíom an mí-ádh
Go mbeidh bó agam ‘gus caorach ‘s mo mhian ar an mbaile úd thall
Tá bean óg san tír seo ag goil eadrainn gach aon dara lá
Ach nár bhfágha sí bás choichín go mbeidh sí ag caoineadh ‘gus mise ag mo ghrá.

Is tá mé i mo shuí ó d’éirigh an ghealach aréir
Cur an tine seo síos do mo mhian is dá fadú liom fhéin.
A Mhuire ‘gus a Chríost nach cloíte le n-aithris mo scéal
Ta na coiligh ag glaoch ‘s Rinn Mhaoile na gcodladh ach mé fhéin.

‘Gus tá siad dhá rá gur tú sáilín socair i mbróig
Is tá siad dhá rá gur tú béilín deas milis na bpóg
‘Is tá siad dhá rá a mhíle grá go dtug tú dhom cúl
Ach nár fhagha siad na grásta má fhaigheann aon fhear eile uaim thú.

Is gheobhaidh mé bás le grá go leagan do shúil
Is gheobhaidh mé dhá bhás le grá don chois atá fút
Is gheobhaidh mé trí bhás a mhíle grá má fhaigheann aon fhear uaim thú
Cúilín taitneamhach gan smál, mo chrá má cheileann mise thú.