Contae Mhaigh Eo

Téamaí

Contae Mhaigh Eo

Agus liostáil mé le sáirsint ag goil sráid an bhaile mhóir,
‘S chuir sé anonn thar sáile mé mar bhí mé go bocht óg;
Chuir sé gine buí ins chaon láimh liom ‘gus raidhfil le mé ghardáil
Is dúirt sé liom go mb’fhearr dhom é ná in Éirinn go mór.

‘S ar an loing seo, a Pheaid Uí Loinsigh sea a dhéanaimse dobrón
Ag osnaíl ins an oíche ‘gus síoraí gol sa ló,
Ach anois ó dalladh m’intinn, is mé i bhfad ó mo mhuintir,
Dar m’fhocal gur maith a chaoinim-se Contae Mhaigh Eo.

‘S murach bás mo mháithrín ó bheinnse maith go leor
Bheadh buidéal ins chaon láimh liom is mé i gcomhluadar bean óg.
Marach síor-ól na gcárta, ‘s an dlí a bheith ró-láidir
Ní i Santa Cruz i d’fhágfaidh mo chnámha faoin bhfód.

Tá punt is fiche amuigh orm i gContae Mhaigh Eo
Is ní rachaidh mé á éileamh ann choíchín ná go deo
Ar fhaitíos go mbéarfaí thiar orm ‘gus go gcrochfaí i ngeall ar fhiacha mé
Is go bhfáiscfí boltaí iarainn orm go barriallachaí mo bhróg.

Is a chomrádaí na dílse, táim cloíte go mór,
Is dá b’fhéadfainn is duitse a d’innseoinn dhá dtrian de mo bhrón;
Ach ós tusa is túisce a chífeas, a maireann do mo ghaolta
Ó tabhair mo bheannacht síos leat go Contae Mhaigh Eo.

Tá ba ‘gus caoirigh bána ag mo mhuintirsa i Maigh Eo
‘Gus mise anseo faraor faoi leatrom is faoi bhrón
Nach iomaí buachaill múinte ‘gus cailín socair stuama
Bheadh agam le mé a chaoineadh i gContae Mhaigh Eo.