Tomás Bán Mac Aogáin – Sean Nós na mBan 2018

Tomás Bán Mac Aogáin

‘S i tíocht ó theach na tórramh dhom chuir mé eolas ar mo mhian,
Mo chreach agus mo bhrón ní sa mbaile a chaith mé an oíche
Tá arraing i goil trasna thríom ’s í cónaí i lár mo chroí,
‘Gus a stór, mar a dtéigh tú abhaile liom ní mhairfidh mé beo mí.

Tháinig Tomás Bán ar cuairt agam ’s mé in uaigneas beag liom fhéin.
Séard dúirt sé, “Ná bíodh buaireamh ort ná rud ar bith mar é.
Sé do chúilín dualach a mharaigh mé, is mar gheall ort crochfar mé,
‘S gur measa liom naoi n-uaire thú ná an mháithrín a d’oil mé.”

Tháinig Tomás Bán ar cuairt agam ’s mé in uaigneas beag liom fhéin.
‘S a Thomáis a dtug mé gean dhuit seachas fearaibh óga an tsaoil
Crochfar thú go cinnte mar a bhfuil ag grásta Dé,
Is, a Dhia, nár mhór an feall é ná planda breá mar é.

‘S a Thomáis Bháin Mhic Aogáin, sé mo léan thú ghoil i gcré,
Is ní h-ionadh liom scéal cráite bheith ag do mháithrín in do dhiaidh,
Dhá mbeifeá ar leaba an bháis aici cén chás di thú a bheith tinn,
Ach go do crochadh as na saltrachaí is an bháisteach le do dhroim.

Is a chomharsanaigh is a chomhairleachaí ná tógaidh orm é
Mar chuaigh mé ag déanamh an eolais do stóirín geal mo chléibh
Ní bhfuair mé ariamh droch-chomhairle uaidh go fóill ó rugadh mé,
Mara bhfeicfinn ach ag goil an bóithrín thú go dtógfadh sé mo chroí.

Ní slad mainistreach ná teampaill a rinne stór mo chroí
Ní feoil ná geir a shantaigh sé ná rud ar bith mar é,
Ach mar gheall ar bhólach Stanley, sea crochfar iad mo léan,
‘S an té a bhfuil grá do Chlanna Gall aige, an ceann go gcaillfidh sé.

‘S tá cuireadh go Cill Chainnigh orm ‘s caithfidh mé ghoil ann
Beidh ann seisiún ceathrún idir Gaeil ‘gus Clainne Gall,
Ní chiontófar ach beirt éicint is crochfar iad, mo léan,
Beidh Tomás Bán Mac Aogáin ann ’s Mac Uí Mhaoláin lena thaobh.

Tá garda breá láidir ag tíocht le stór mo chroí,
Ó Gearaltaigh Chluain Dálaigh ‘gus arm óg an Rí
Maolra Óg Ó Conaill is Ó Ceallaigh as Cluain Aoidh.
Dhá mbeadh triúr mar Chonaill óg agam, ní chrochfaí stór mo chroí.