Liam Ó Raghallaigh – Sean Nós na mBan 2017

Liam Ó Raghallaigh

‘S an cuimhneach libh an oíche úd a raibh an tsráid seo lán go mharcaigh
Ag sagairt, ag bráithre ‘s iad ag trácht ar an mbainis?
Bhí an fhidil ar chlár ann is an chláirseach dhá spreagadh,
‘S bhí triúr go na mná bána le mo ghrása iur ar leaba.

I mo bhaintreach ‘s mo mhaighdean sea fágadh mé go hóg,
Agus aithris go mo mhuintir gur báthadh mo mhíle stór.
Dhá mbeinnse sa mbád an lá sin ‘s mo dhá láimh a bheith ar an scód,
Dar m’fhocal dhuit a Bhean Uí Raghallaigh gur deas mar a leigheasfainn do bhrón.

‘S ní hionadh liom scéal cráite bheith ag do mháthairín ‘s ag t’athair,
Nó ag banaltra na gcíocha bána bhíodh ag trácht ort is tú ‘do leanbh.
Ní áirím do bhean phósta nár chóirigh riamh do leaba.
Is ó chuaigh tú ‘un trá an lá sin mo léan gur raibh ort thíocht abhaile.

Tá do shúile ag na péiste, tá do bhéilín ag na portáin.
‘S tá do dhá láimhín gheala ghlégeal faoi ghéarsmacht na mbradán;
Ó chúig phunt a bhéarfainn don té a thógfadh suas mo dhian ghrá
Nach trua a bheith i d’aonraic Neilí ghlégeal Nic Shiúrtáin.

Mo mhallacht go na saortha a rinne an bád.
Nár aithris dhom fhéin é go raibh an t-éag ins na cláir
Dhá dteithfeá go Coillte Tóchair agus an t-adhmad a cheannacht daor,
Ní bháfaí Liam Ó Raghallaigh ar chóstaí Malbay.

Is níor mhór liom go Liam Ó Raghallaigh a bheith ina chliamhain ag an rí,
Is na cuirtíní geala glégeal a bheith ar chaon taobh dhó ins an oíche
Ó maighdean chiúin chéillí ag réiteach a chinn,
Is ó luadh muid go hóg le chéile mo léan mar d’éag tú le mo linn.