Sail Óg Rua – Sean Nós na mBan 2016

Téamaí

Sail Óg Rua

Nach mise an trua Mhuire goil ar Charraigín an Fhásaigh,
Ag gol is i gárthaíl is ag déanamh bróin
Ag oiliúint mo leanbh ar bhacán mo láimhe
Gan fiú an bhraon bainne agam a thabharfainn dó.
Is níl mé ach tréithlag níl maith dhá shéanadh.
Níl mé ar aon chor ach mar an gceo.
Tá fuil mo chroí istigh ag sileadh na mbraonta
‘S a Dhia, cén t-iontadh i ndiaidh mo Shail Óg Rua.

In aois a sé déag ‘sea fuair mé fhéin í,
‘S nár dheas an féirín í ag fear le fáil.
Ach a stór mo chléibhe is tú a d’fhág liom fhéin mé
Nuair a chuaigh tú i gcré uaim i do chailín óg.
B’fhearr liom go mór mór i mo dhiaidh sa ród í
Ag bleán mo bhó dhom nó i mbun mo thí
Ná saibhreas Sheoirse is é fháil le stróinse
‘Gur faoin bhfód a chuir mé stór mo chroí.

Mo ghrá do bhéilín nár chum na bréaga
Do mhéin dhá réir sin nach raibh ag bean le fáil
Do dhá chíoch gheala le do leanbh a bhréagadh
Ach a stór níor fhéad mé thú a leigheas ón mbás.
Tá fhios ag na daoine gur buartha a bhímse
Don am a smaoiním ar mo Shail Óg Rua.
A bhíodh in éindigh liom ar feadh na hoíche
‘Gus comhrá ciúin againn nó go n-éiríodh lá.