Na Buachaillí Bána -Sean Nós na mBan Faoi 35 2015

Téamaí

Na Buachaillí Bána

Éirígí suas ná faillígí an uair
Tá an tseachtain anois ins an láthair.
Go scaoiltear na duail atá fite go crua
‘Gus lasaimid coinneal do Mhártan.
Seasaidh le cliú is ná téigí ar gcúl
Go gcuirfidh muid fúinn gach garda
Biseach is bua go bhfaighidh muid go luath
Is go leagfaidh Mac Duach ár namhaid.

Is nach fada le fán an charraig gan smál
Nach scoiltfidh go brách is nach bpléasfaidh,
Is a chruthú le fáil, ‘sé is ainm dhó Seán
Is gurbh é Peadar a ghearr an foundation.
Tá crann ina lár is a leigheas dhá lán
Is gurbh é Liútar a ghearr na plantations
Na suckers a d’fhás, críonfaidh a mbláth
‘Gus beidh siad ar láir más féidir.

Deinim impí ar mhnaoi nár pheacaigh ina saol
Agus m’achainí ar Rí gheal na nGrásta
Go bhfeicfidh mé peelers lag marbh sínte
Scaipeadh agus scaoileadh ar garda.
Liberty tree cois balla chaon oích’
Ag lucht ribíní is tintreacha cnámha
Daly is Deely i mionnú ar an tír,
Is a gceann i mbarr spíce in airde.

Dá dtuigfeadh an saol nach mbeadh ann aon rí
Ach muid a bheith thrína chéile
Bheadh mo shleá le mo thaobh is mo chlaíomh liom síos
Is mé ag ruaigeadh na nGall as Éirinn.
Bheadh Ruairceach Mhaigh Loch gan scolb gan scrath
‘Gus Frank Kelly ag iarraidh na déirce
Parlaimint thart is Gaeil ar a gceart
Bheadh lucht ribíní in arm is in éide.

Is nach fada liom suas go gcloisfidh mé fuaim
An drumadóir a thiocfaidh ón Spáinneach
Go dtaga sé ar cuairt go Connacht anuas
Beidh lucht ribíní ag ól a shláinte.
Fuisce breá crua agus fíon folláin fuar
A bhéas againn ag ruaigeadh ár namhad
Is cuirim Ó Ruairc amach go dtí an dún
Is a maireann dhá shluaite ar garda.