Línseach Bhearna -Sean Nós na mBan 2018

Téamaí

Línseach Bhearna

A’ goil ó Chasla aniar is mé lag tuirseach go mo thriall,
I mBearna sea d’iarr mé áras.
‘Fuaireas sin gan mhoill in aice leis an gcoill,
San áit a bhfásann cnó ‘gus airní.

Ó, déanfar droichead óir ar Pholl an Oistre fós,
‘S beidh airgead i stór an Mháistir,
Arm seasta i gcóir, ag tíocht ag déanamh spóirt,
Is ag amharc ar an ógfhear álainn.

Ó fíon is puins go leor a bhéas eadrainn ar bord,
Sláinte fear dhá ól trí ráithe.
Siúd séan ar an oidhre óig nach scarfaidh leis go deo,
Is beidh bua Chonnachta ag Línseach Bhearna.
Siúd séan ar an oidhre óg nach scarfaidh leis go deo,
Is beidh bua Chonnachta ag Línseach Bhearna.

‘S tá loingis ag an Línseach a rinneadh ins sa tír seo
Go choillte is go chrainnte a d’fhás dhó.
Is gléasfar cabhlach chruinn, i bhfoirm cheart ‘s i gcaoi
‘S beidh a ngunnaí ar a dtaobh ag lámhach.

Nach mór an spóirt sa tír nuair a bhéas an chabhlach linn
Beidh a cuid slata seoil faoi shíodaí bána
Anois tá an chabhlach cruinn, gus tiocfaidh anall an Rí
Is beidh sé ar chuairt mhíosa i mBearna.

Is céard a dhéanfas muid ansiúd má théann sé choichín anonn?
Titfidh an dúiche uilig faoi smúit mar gheall air.
Is go ngabhfaidh na meacha ó dhiúl a gcuid meala le teann cumha
Is na héanlaith, scaoilfidh siad a gclúmhach le fána.

An Línseach álainn úd a bhfuil na diamonds os a chomhair
A dtig iasc i chuile chuan mar gheall air,
Is gur deise gnúis a shúl ná na réalta maidin dhrúcht
‘Sé samhail dhó bláth na úll sa ngáirdín.

Is fásann cruithneacht fhéin san áit a siúlann sé
Chomh fairsing is tá féar glas i mBearna
Is gile í ná an t-aol gus is deirge a ghrua ná an chaor,
Nuair a aibíonn siad ar chraobh i ngleannta.

Is tá iníon Rí na Gréige fáil bháis le cumha ina dhiaidh
Is níor chodail a súil néal le trí ráithe.
Is gurbh é a dúirt briathra a béil gur aingeal é fhéin,
A bhíodh i gcomhluadar Mhic Dé na nGrásta.