Caisleán Uí Néill – Sean Nós na mBan 2015

Amhránaí

Caisleán Uí Néill

Céad slán don oíche aréir,
Sé mo léan ghéar gan í anocht ina tús
Leis an mbuachaillín spéiriúil
A bhréagadh mé seal ar a ghlúin
Óir chuir tú orm an t-éileamh,
A mhíle chéad ghrá is ní leatsa mo rún
Ach céad faraor géar,
Tá na sléibhte goil idir mé ‘s thú.

Is tá an gairdín seo in’ fhásach,
A mhíle grá bán, ‘s tá mise liom fhéin
Tá an pabhsae a’ fás ann
Go mór mór ‘s dhá bhfaca tú riamh
Ní chluinfeá ceol cláirsí goil sa tsráid seo
Ná ceol binn na n-éan
Ó d’éalaigh mo ghrá uaim,
Cúilín álainn, go Caisleán Uí Néill.

‘S i gCaisleán Uí Néill
Atá an péarla bhain díomsa mo ghrá
Nó go dtug mé fhéin spéis dhó
Go mór mór i ngan fhios don tslua
Ag teallach tí mhóir sea chónaíonns
Is a chodhlaíonns mo ghrá
‘S a shamhail níl le fáil ann
Ach an réalt eolais atá ar an mbaile údan thall.

Is ba mhilse liom do phóigín
Ná an rós a thagann ar bhláth
‘S le cumha i ndiaidh mo mhúirnín
Ní mó ná go gcodlaím go sámh
Óra bliain san oíche aréir
Sea réab na capaill an fál
Is naoi n-oíche ina dhaidh sin
Sea d’éalaigh mo ghrá uaim sa snámh.

‘S d’aithneoinn mo ghrá-sa
Is í goil trí shiopaí Bhleá Cliath
Is d’aithneoinn arís í
Is í ag goil tríd an mbaile údan thiar
‘S dhá mba liomsa Tír Eoghain
Cé gur mór é le tairiscint mar spré
Ach go mb’fhearr dhomsa a bheith pósta
Le mo stóirín i gCaisleán Uí Néill.