Cuaichín Ghleann Néifinn – Sean Nós na mBan 2015

Téamaí

Cuaichín Ghleann Néifinn

Tá féar fada ’gus fásach i ngleanntáin álainn i bhfad ó bhaile,
Tá úlla agus dealra ag fás go hard ar bharr na gcranna.
Dhá mbeinnse’s mo stóirín pósta ‘s an saol ag goil mar ba cheart dhúinn
Bheadh airgead inár bpócaí is luach an óil ag bean a’ leanna.

Tá smúit ar na réalta, ar an ngréin bhreá, is ar an ngealach,
’S ar amharc mo shúile is ní léir dhom an bealach,
I ndiaidh chuaichín Ghleann Néifinn nár fhéad mé riamh a mhealladh,
Is a stóirín, tabhair ón bpéin mé, mar sí do mhéin bhreá atá mo lagan.

Dhá mba liomsa oileán Éireann trí chéile ’gus an Bhreatain,
Nó a bhfuil don ór deas craobhach ag Séarlas Ó Fathaigh,
Is duitse fhéin a bhéarfainn é faoi mo chéadsearc a bheith agam,
I ngleanntán mhín Néifinn nó i mBéal an Áth Fada.

Tá cailín óg deas ar thaobh a’ tsléibhe is deas a’ féirín í le mealladh,
Chaith mé fhéin an oíche aréir léi, súil is go bhféadfainn í a thabhairt abhaile,
Ó chúitíos le Seán Seoighe faoi bheith liom ar an mbealach.
Bhain sé coróin dhíom ar mo lóistín,‘gus sé pingine ar mo leaba.

‘S crochadh mé mo sheolta go dúiche Sheoigheach ar maidin
Ar cuairt ag mo mhíle stóirín is go deo deo ní chasfad
Ní léir dhom na cros-bhóithrí ag na deora atá mo dhalladh,
Sé an feall gan teach mo lóistín san áit ina gcóiríonn tú do leaba.

B’ait liomsa fear ar fónamh, tús an Fhómhair is ráithe an Earraigh
Fear a chuirfeadh is a bhainfeadh an eorna is a chóiródh í ina bearta
Ó saibhreas Rí na Fodhla is an ór buí le scaipeadh
B’fhearr liomsa mo mhíle stóirín ná a bheith pósta le baintreach.