Cúirt Bhaile Nua – Sean Nós 2012

Téamaí

Cúirt Bhaile Nua

‘Gus lá breá dhár éiríos ar maidin,
Ag triall dhom ar Chúirt Bhaile Nua,
Cé a d’fheicfinn ach mo Neilí ag dul tharam,
Ba ródheas é a leagan is a snua,
Bhí a grua bán ní ba gile ná an eala,
Ná sneachta mín éadrom an lae,
Is a stóirín, nach trua leat mo chás-sa,
Mar is lag lúbach a d’fhága tú mé.

Is iomaí cailín óg deas a chroithfeadh láimh liom,
Is a thiocfadh sa teach a’m le mí,
Is dhá bhfaighinnse leo ór buí ‘gus diamonds,
Sí Neilí atá i gceartlár mo chroí.
Tá teachín deas gleoite sa ngleann a’m,
Agus bím ann go huaigneach liom fhéin,
Is dhá dtiocfadh mo Neilí ar cuairt a’m,
Thabharfainn póigín deas milis dá béal;

Tá mise tinn brónach le fada,
Deir mo mhuintir gur athraigh mo shnua,
Ag dearcadh go géar ar an gcailín,
Tá ina cónaí i gCúirt Bhaile Nua.
Cé’n t-iontas dhá lasfadh an talamh
Cén t-iontas dhá mbrisfeadh mo chroí,
Cé’n t-iontas do mo dhá shúil a bheith leata
Is a liachtaí deoir a shil siad le mí.

‘Gus brón ar an té nach mbíonn críonna,
Is nach ndéanann gach ní mar is cóir,
Mar is mise mé fhéin a bhí ciontach
Nach ndeachaigh mé in am faoina comhair
‘Gus, thabharfainnse cliú agus cáil di,
Ach níl goir agam labhairt léi níos mó.
Is go siúlfainnse seacht ríochta na hÉireann
Leis an bpéarla ‘tá i gCúirt Bhaile Nua.