Amhrán an Phoitín – Sean Nós na bhFear 2014

Téamaí

Amhrán an Phoitín

Nach deas an rud poitín sa tír seo, ó d’íocfadh sé cíos go rí-bhreá,
‘S sláinte do dhuine a bheadh tinn é, agus thógfadh sé intinn a lán,
Nach álainn an rud ag fear siamsa é a fháil buidéal de líonta ina láimh,
Go leigheasfadh sé casacht na hoíche agus dhíreodh sé an sean duine cam.

Ní maith liom an poitín á dhíbirt ó is rí-dheas an rud é san áit,
Ó fháganns tú Casla go hInbhear siúd é an sórt siamsa a bhíodh ann.
Mo mhallacht don té a bhíonns ag inseacht nó ag tarraingt na bpílears san áit,
Mar go minic go mb’fhearr leob an suaimhneas ná a mbuafaidís choíchinn ar a fháilt.

Is bhí a raibh ins an mbearraic sách suaimhneach nó go dtáinig ‘Cab Fionn’ ar an áit,
I leaba é a bheith a’ainn ina Chríostaí ba chreachadóir tíre a bhí ann.
A Sheáin duibh mara n-athrú tú tréithre ’gus dearcadh isteach géar ins an gcás,
Is gearr é do chairde ar an saol seo mara d’iompóchainn an t-éan i mo láimh.

’S a Sheáin duibh ’sé mallacht na gcomharsan óra d’athraigh do shnua is do bhláth.
Tá cosúlacht mhailíseach ghruama ort ’s ní thaitníonn do ghnúis leis na mná.
Is measa thú ná na síogaí ’s ná an púca ’s ná spiorad na drúise roimh lá.
Is dhá dtóigfeadh an cat mara ar siúl thú bheadh poitín gan chuntas le fáil.

’S tá amharc ag Seán dubh chomh grinn leis an iolrach nuair a éiríonn sé ard.
Is luaithe é ná siolla den ghaoth, ’sé is samhail dhó síofra Chnoic Meádha,
Dheamhan deatach a bhainfeá as píopa i bportach i dtrinse ná i ngleann
Nach bhfeicfeadh sé ar uair a’ mheán-oíche ’s nach deacair dhúinn braon ar bith a fháil.

’S a Sheáin duibh nár sháraí tú an oíche, nár sháraí ná an mhí a bhfuil tú ann.
Nár thaga do chlann suas in inmhe le go gcuirfidh siad ort bráithlín nó clár,
Mar is measa thú go mór ná an mactíre, nuair a thugann sé an ghé leis den ál,
Is ní mhaithfidh Seán Breathnach go héag dhuit a chúig ghalún déag is cárt.

Is tá sean-bheainín idir dhá inbhear ’s níl aici ach aon chaoirín amháin,
Níl gráinne tobac ina píopa ach an sop aici aníos ann go barr.
Cheannaigh sí bairille síl ar chúntar a dhéanamh níos fearr,
Ach ní raibh ann ach an pota a’ tíocht timpeall nuair a tháinig ‘Cab Fionn’ ar an tsráid.

‘S nó go dtosaí an cogadh i Rúise ’s nó go nglaofar ar chúnamh a ghabháil ann,
Nach beag an mhaith thusa a Sheáin scúille, ach go gclúdóchfá púdar is grán.
D’fheilfeá don Turcach do-ghruama, nó tamall ag scuabadh na sráid.
Ach is gairid go scaoilfear ar siúl thú, do chaora in uaigneas na gcrann!