Amhrán na Luiche – Sean Nós na bhFear 2016

Má fhágann Dia mo shláinte agam ’s go mbeidh mé beo san áit seo,
Bainfidh mise Fraincis as an luch atá san áras!
Thabharfainn comhairle caraid di bheith a’ glanadh lei in am as,
Má bhíonn sí romham ar maidin ann tá deireadh aici go brách leis!

Bhuel d’éirigh mé go dian-mhoch ar maidin lárna mhárach,
Rug mé ar mhaide dalba ’s chuaigh mé faoina cása.
’Séard a dúirt sí: “téir abhaile, má tá rud ar bith den ádh ort,
Tabhair aire do do bhealach fhéin, nó cuirfidh mise breall ort.”

D’éirigh crua-chaint eadrainn agus sheas sí i m’aghaidh go dána:
“Tá mise ag gabháil an bealach seo, ó bhí tú in do pháiste!
Ná síl dhá fheabhas de chainteoir thú go gcuirfear mé le fána,
Dhá mbeitheá in t’fhear teangan chomh maith is a bhí Pádraic Sáirséal.”

“Muise go deimhin is olc an cailín thú a’ tarraingt ar an tsráid seo,
A’ gearradh cruacha coirce ’s ag marú cearc is álta,
Ach cruinneoidh mise confairt ort agus cuirfead thú thar sáile,
’S tá deireadh a’at leis an gcaisleán seo, a sprid na gcosa cama!”

“Ná tabhair do bhreith chomh gairid sin go mbreathnaí tú i do thimpeall,
Go dté tú thríd a’ seanchas ’s go lé tú uilig a’ prionda,
Má fhaigheann tú leabhra tairingre’ tá m’ainmse inti scríofa,
Gur prionsa mé ón nGearmáin chuir a’ Dearg mé faoi dhraíochta.”

“Arú lig de do chuid clabaireachta nó scuabfaidh mé as an saol thú,
Ná ceap gur le a bheith a’ magadh fúm a tháinig mé go dtí thú.
Má tá agat draíocht ná easarlaíocht is nach fánach air sa tír seo.
Is fearr an creideamh Caitliceach, céad glóir do Rí na hAoine.”

“Ach má tá tú ag iarraidh seanchais is nach mise atá in ann inseacht,
Ar na gaiscíochaí a bhí fadó ann shular rugadh Pádraic Naofa,
An t-am a mbíodh An Lochlannach i gcogadh leis an tír seo,
Chuir an Dearg Mór faoi gheasa mé, ’s is doiligh iad a scaoileadh.”

“Ná ceap anois go gcreidfidh mé do chomhrá bradach bréagach,
Gur gaiscíoch atá faoi gheasa thú ag imeacht ’fud na hÉireann.
Bí ag glanadh anois as m’amharc is ná feicimse go deo thú.
Ná fan níos goire ó bhaile dhom ná mullach na mBeanna Beola.”

“Ach anois ó tá mé díbríth’ a’at is suarach mar ’tá an scéal a’am,
Níl fhios agam cé rachaidh mé ’s gan caraid a’am in aon áit.
Ach trí chéad bliain ’s a’ taca seo ba deacair liomsa claonadh,
Nuair a bhí mo chulaith ghaisce orm ’s mé ag iompair claidhmhe draíochta!”