An Bhinsín Luachra – Corn Uí Riada 2014

Amhránaí

An Bhinsín Luachra

Maidin aoibhinn uaibhreach ar bhruach na coille glaise breá
Is mo ghadhar le m’ais ag gluaiseacht go huasal is mo ghunna im’ láimh
Sea do dhearcas chughamsa stuairín na gruaige finne ‘s a muineál bán
Agus ábhar binsín buainte aici den luachra ba ghlaise fás.

‘S a chailín bhig na luachra bí socair is fan go réidh
Ní cáil duit a bheith chomh huaibhreach insan uaigneas is tú leat féin
Mar má scaipfeadsa do chuid luachra ní dual go bhfuil fás dá héis
Agus bainfeadsa binsín úr duit agus mórchuid mar thuilleadh léi.

D’fhéachas ar na cuanta is bhí ann uaigneas agam dar ndóigh
Is do dhruideas le mo stúirín agus d’fhuadíos uaithi cúpla póg,
‘Sé dúirt sí liom go huaibhreach, “Fan suanmhar is ná cuir orm stró,
Is ná scaip mo bhinsín luachra théis a bhfuaireas dá thrioblóid.”

Is a chailín bhig na luachra, dá ligfeá-sa do bheart ar lár
Ar bhruach na coille craobhaí nó ag éisteacht le cuan an ghrá.
Sagart ní bhfaigheadh scéala ná éinne dá bhfuil san áit,
Nó go dtiocfadh an chaint don chéirseach ‘s go n-iompódh an londubh bán.

A óigfhir cuirim suas díot san deabhas maith a bheith agat liom
Mar is mó cailín sultmhar suáilceach a síor-ghol faoi dhuilliúr crann
Mar go mb’fhearr liomsa seal ag baint luachra ná bheith am ruagairt ó aois go bás.
Is do bhábán ar mo ghualainn is mé cur tuairisc gan tú bheith agam le fáil.

Sí an cailín deas ab fhearr liom sí a bheith lách, banúil, mín.
Mar dá bpósfainn cailleach ghránna mo lámh dhuit ná mairfinn bliain.
Ach dá bpósfainn tusa, a ghrá ghil, a chúil fáinneach na ndriopall ngliar.
Agus bainfeadsa binsín breá duit chomh hálainn dá chonaicíos ariamh.

Nár dheas an cailín seomra í Dé Domhnaigh agus bris ‘na láimh
Cár dheise ná ‘crú na mbó í, ‘sí mo stóirín í go bhfaigh mé bás.
Tharraingeodh sí samplaí coróinneach go róbhreá ar éadaigh clár,
Agus cara mo chroí mo rún í, sí smóilín an bhrollaigh bháin.