Ceárta Mhicil de hÓra – Sean Nós na bhFear 2019

Amhránaí

Ceárta Mhicil de hÓra

I gceárta Mhicil is gnáthach mise
Go bearrtha cimilte gléasta,
An oíche ag titim, ‘s mo phíopa ar inneall
’S mé im shuí cois boilg ag séideadh,
Caortha dearga tréana ag preabadh
’Na dtréadaibh mallaithe dóite,
Is sárfhear imeartha ag tiomáint le fuinneamh
I gceárta Mhicil de hÓra.

Is crua é Micil ag suathadh tine,
Is ag bualadh buille le tréan-neart;
An buachaill tapa gan ghruaim, gan mharaig,
Ná buafadh dada ina cheird air.
Bíonn céachtaí cama na gcaolshoc fada,
Agus gléas an earraigh san fhómhar ann;
Bíonn bánta á mbriseadh le brácaí rinneadh
I gceart Mhicil de hÓra.

Níl fál ar barrchrith, báire ar fhaiche,
Ná ráflaí a ceapadh sa dúiche,
Ná bíonn á stealladh le líofacht teangan
Is suíomhnú cealgach dúr air,
Is ann a thagann le fonn chun bladair
An mheabhair is fearr sa pharóiste –
Ó b’fhearrde dhuine bheith lá ina gcuideachta
I gceárta Mhicil de hÓra.

Ó Ladhar an Aitinn go Ladhar an Bhealaigh
Is as súd go barr Chruacháin theas,
Gach miúil is capall is crúibín asail –
Ansúd a thagaid go don cheárta.
Bíonn rámhainne geala agus sleáin, a chara,
Grafáin is spranganna gleoite
Go sásta socair ar scáth an dorais
I gceárta Mhicil de hÓra.

Bhuail Tomás an Chapaill is Seán an Asail
Le dhá shórt seanrud aosta ann,
Mártan searbh na cránach mallaithe
Is fáinne cealgach géar uaidh,
Iarnaí trucaile ó Liam an Ghlugair
Is cliath ó Dhonncha an Chóta –
Ó chráfadh cuid acu bráithre Mheilearaí
I gceárta Mhicil de hÓra.

Mo ghraidhin é Micil ar aghaidh na tine
Go meidhreach fiosrach cainteach,
Mo ghrá mo chara go láidir tapa
Is é ag láimhsiú hamar le hintinn,
Má thránn sé gloine ag sáil na tine
Is le grá dá chuileachta ghleoite é –
An bás id’ ghaire go brách nár thuige
A cheárta Mhicil de hÓra.