Maidin Cheoch – Corn Uí Riada 2015

Amhránaí

Maidin Cheoch

Maidin cheoch nuair a dh’éiríos
Is do ghabhas amach sna coillte
Is ansúd a bhuail an traighid mé
Ná leigheasfar, faraoir,
Do chuala an bhruinneal mheidhreach
I lúb na coille droighnaigh,
Is do las mo chroí le greidhin di
Nó gur dea-bhean dhom í.

Nuair a théimse amach ‘sna bánta
‘S nuair a chím chugham mo ghrágheal
A dreach mar rós i ngáirdín
Nó bláth bán ar an gcrann
Is breátha í ná Bhéanus
An uair a dh’fhág sí tréanmhuir
‘S sé do ghnaoi do mhill mé
A bhruinill álainn ó.

Siúil, siúl a chuid, bí ag gluaiseacht
Gan scíth, gan stad gan fuaradh,
Tá an oíche ghairid shamhraidh ann
Is beam araon ag siúl.
Dá rabhamar ar éineacht
I lúb na coille craobhaí
Is ar lámh’ ar chom a chéile
Nó go léigfimís chun suain.

A óigfhir álainn, dá mb’fhéidir
Go mb’fhírinne do scéalsa
Do leigheasfainn féin ón bpéin thú
Dá mb’fhéidir liom, a rún.
Tá mo chairid ar gach taobh dhíom
Is corrú amach ní fhéadfainn
Mar do chuirid cuntas géar orm
Cá dtéimse chun siúil.

Bhuel aithris dóibh, a spéirbhean
Go rabhasa seal a’ válcéireacht
Go bhfuil do chroíse tinn lag
Is d’intinn go dubhach
Agus gheobhaidh tú mise i m’aonar
I lúb na coille ag éisteacht
Is go deimhin má dhéanfair bréag liom
Is daorach mo chás.

Bhuel is mó de gheallúint bhréige
A thug tú riamh ó do bhéal dhom
Fad a bheidh an ghrian ar Éire
Nó féar glas ag fás.
Ach dá dtreabhfadh caoirigh maola
Ar chúl a gcinn na sléibhte
Ní dhéanfad athrú chéile
Agus sin anois mar atá.

Mar sin gléasfaidh mé long seoltaí
Agus raghaidh mé soir go Flóndrais
I measc na dtíortha gallda
Is ‘na dhiaidh san raghad don Spáinn.
Is a mhaighdean mhaisigh mhómharaigh
Ní fhillfidh mé níos mó chugat,
Bíodh do rogha fear pósta leat
A rómharfaidh duit an bán.