Seoladh na nGamhna – Corn Uí Riada 2014

Amhránaí

Seoladh na nGamhna-Corn Uí Riada 2014

Tráthnóinín déanach ar thaobh an ghleannaIs mé ag seoladh na ngamhna fén bhfásach, ‘Sea do dhearcas-sa chughamsa an spéirbhean mhaisiúil, Ciúin, thais, bhanúil, náireach.

Dh’fhiosraíos fhéin go séimh den ainnir An aon ní thar lear a tháinig: A’ lorg na ngamhna ‘sea dh’fhágas an baile Ach ceann ní bhfaighidh go lá dhóibh.

A lorg na ngamhna ‘sea chuireasa mo leanna Is níor tháinig sí in am ná i dtráth chugham Mar bhí tréanfhir roimpi ag poinnte an ghleanna Sé Peadar Ó Dubhda an sárfhear.

Sin iad a bhíonn i gcónaí i ndiaidh na hainnir Is a rian go cuireadh sí go brách dhi Ach mo mhíle fáilte go dtí an tír seo ina bhfuilim Mar bainfidh mise sásamh as mo ghrá geal.

Is b’fhéidir le hÍosa fá Oíche Nollag Go mbeimid araon in ann pósadh. I seomrín néata ag pointe an ghleanna ‘S an sagart ag ól ár sláinte.

Beidh beoir againn go líonmhar go fuíoch gan dochma Agus gloiní den fíon donn Spáinneach. Beidh púins againn á roinnt le linn dul a chodladh Is gheobhaimid na gamhna amárach.

Tá crainnín cumhra i lúb na coille Is raghaimid araon go lá fé Mar a mbeidh ceol binn na n-éan dá síorchur a chodladh Is cuileann is eidhneán ag fás air.

Gheobhainn cead saor ó mhaor na coille Féar a thabhairt go lá dhóibh Nach óg ag scarúint óna chéile atá chugainn ar maidin Seo póg agus bairrín beag mo láimh chugat.