Seoithín Seothó – Fonnadóirí na hAirde

Téamaí

Seoithín, seothó, mo stór é, mo leanbh
Mo sheod gan chealg,‘s mo chuid den tsaol mór
Seoithín, seo hó, mo stór é, mo leanbh
Mo stóirín ina leaba ina chodladh gan brón.
A leanbh mo chléibh, go n-éirí do chodladh leat
Séan ‘gus sonas gach oíche in do chóir
Tá mise le do thaobh ag guibhe ort na mbeannacht
Seoithín, a leanbh, ní ghabhfaidh tú leo.

Ar mhullach an tí tá síogaí geala
Faoi chaoin-ré an earraigh ag imirt ‘s ag spóirt
Seo iad aniar iad a’ glaoch ar mo leana
Ar tí é a tharraing isteach sa lios mór.
A leana mo chléibh go n-éirí do chodladh leat,
Séan agus sonas gach oíche i do chóir
Tá mise le do thaobh a’ guibhe ort na mbeannacht,
Seoithín a leana, is ní ghabhfaidh tú leo.