Amhrán Rinn Mhaoile – Sean Nós na bhFear 2014

Amhrán Rinn Mhaoile

Scríobhfainn agus léighfinn leabhra Gaeilge cé gur milis é blas
Dhéanfainn céachta Gaelach a réabfadh an iomaire ghlas
Dhéanfainn teach téagair do mo chéad searc is bhréagfainn í seal
Is fear eile ar má déarfadh níorbh fhéidir nó d’éalódh leis bean.

Is nár fhágh mé bás choichín nó go gcaith mé dhíom an mí-ádh
Go mbeidh bó agam ‘s caoirigh mar a mbíonn ar an mbaile úd thall
Tá bean óg sa tír seo ag cur eadrainn gach aon darna lá
Ach nár fháigh sí bás choichín go mbeidh sí ag caoineadh agus mise ag mo ghrá.

Is tá mé i mo shuí ó d’éirigh an ghealach aréir
Cuir na tine seo síos do mo mhian is dá fadú liom fhéin.
A Mhuire ‘s a Chríost nach cloíte le n-aithris mo scéal
Tá na coiligh ag glaoch ‘s Rinn Mhaoile na gcodladh ach mé fhéin.

Is tá siad dhá rá gur tú sáilín socair i mbróig
‘Gus tá siad dhá rá gur tú béilín milis na bpóg
Tá siad dhá rá a mhíle grá gur dtug tú dhom cúl
Ach nár fháigh siad na grásta má fhaigheann aon fhear eile uaim thú.

Is gheobhaidh mé bás le grá le leagaint do shúil
Gheobhaidh mé dhá bhás le grá don chois atá fút
Gheobhad trí bhás má fhaigheann aon fhear eile uaim thú
Cúl taitneamhach gan smál, mo chrá is má cheilimse thú.