A Mháithrín Dhílis – Corn Uí Riada 2013

Amhránaí

A Mháithrín Dhílis

Ó tá mo ghrása i mbaile chois Siúire
Is más géar a chos is é atá luthmhar
Tá an corrbhaile seo uilig faoina shúile
Agus ligfidh mná na bhfear eile rún leis.

Ó tá mo ghrása taobh amuigh den gheafta.
Lásaí airgid lena hata
É ag ól fíona as cupaí geala
‘Gus a Rí dá bhféadfainn go mbeinn in aice leis

Ó gheall tú domhsa ní ba dhoiligh duit
Loingis óir fá chrannaibh airgid
Dhá bhaile dhéag de bhailte margaidh
Agus cúirt gheal ghlégeal ar thaobh an Eargail

Ó gheall tú domhsa ní nach dtearn tú
Go gcuirfeá láimhíní de chraiceann éisc orm
Agus gúnaí troma de chluimh na néanach
Agus muileann siúcra ar ‘ach uile sruth in Éirinn.

Ó gheall tú domhsa agus lig tú bréag liom
Go mbeifeá romham ag cró na gcaorach
Ach lig mé scread agus míle scléach ort
Is chan fhuair mé romham ach na huain ag méiligh.

A mháithrín dhilis, tabhair mé fhéin dó
Tabhair na ba agus na caoirigh go léir dó
Éirigh thú féin ag iarraidh déirce
Is gabh siar is aniar do mo éileamh.

A níon bheag bheadaigh cha dtugaim tú fhéin dó
Cha dtugaim na ba ná na caoirigh go léir dó
Sula n-imeochainn i fhéin ag iarraidh déirce
Do aon mhac bhodaigh ar bheireadh in Éirinn é.

A ghrá is a ghrá ó, ná tréig do leannán
Ná pós bean ghránna mar gheall ar eallach
Nó is beag an poll a bhfuigeadh ann beara
Arú tá muid óg agus dhéanfaidh muid soláthar.

Tá mo ghrása ar thóin an Lagain
Is is gile a thaobh ná aol ar chaisleán
Is glaise a shúil ná driúcht an Aibreáin
Is tá boladh na n-úllaí go húr ar a anáil.

Ó bhain tú thoir is bhain tú thiar domh
Bhain tú an ghealach agus bhain tú an ghrian domh
Bhain tú an croí istigh i lár mo chléibh domh
Agus nach rómhór m’eagla gur bhain tú Dia domh.