Mo Mhúirnín Bán – Corn Uí Riada 2014

Amhránaí

Téamaí

Mo Mhúirnín Bán

Ní ar chnoc nó ar ísleacht atá mo mhiansa, ach i ngleanntán aoibhinn a mbíonn an duilliúr ag fás.
Goireann an chuach ann i gceann ‘ach míosa, bíonn an chruithneacht bhuí ann is an coirce bán
Bíonn an t-uan is an lao ann, bric ‘na scaoi ann, bíonn an eala aoibhinn ar an loch ag snámh
Bíonn an bheathóg críonna is a hárus déanta ‘gus an mhil dhá taomadh do mo mhuirnín bán.

Tá mise  tinn trélag agus ní fhéadaim inse le fiabhras tintrí mar gheall ar mná
Is gur ag mo mhuirnín fhéin atá na cúpla cruinn cíoch mar an fhaoileann bhán a bheadh  ar  loch ag snámh.
Nuair a théann mo ghrása ag siúl na sráide tig aoibh a gháire ar gach éinneach ann
A brollach mín geal atá ina cúpla páirteach mar bheadh an fhainleog bheag ar an nead gach lá.

Sé fáth mo bhuartha nach bhfaighim cead cuairte  sa ghleanntán uaigneach  a mbíonn mo ghrá
Tig im ar uachtar agus mil ar luachair ‘gus i dtús an fhómhair bíos na crainn faoi  bhláth.
Ní bhíonn gaoth aduaidh ann nó sneachta buan ann, is tá baile cuain ann ag long is ag bád
‘S tá tuilleadh buaidh ann, níl daoirse cruaidh ann don té dhéanfadh suas lena mhuirnín bán.

Cé gurb aoibhinn an Corrshliabh i dtús an fhómhair is olc an cruth a thiocfadh air sa lá.
Nuair a shéideann an doineann ó alt na gaoithe a shiabfadh daoine amach ar an tsráid
Míle b’fhearr liom fhéin a bheith ar fhoscadh na maolchnoic ná ag seoladh buaibh ar ‘ach taobh den bhán.
Ins an áit a mbíonn na torthaí craobhach, bíonn an coileach fraoich ann agus an chearc is a hál.

Taobh thall den teorann atá mo rún-searc, an mhaiseach mhómhar na gcíoch glan cruinn.
Is gurb ar an tórraimh a chuir mise eolas is d’fhiafair mé mórán fana deá-mhéin ann.
Is tuirseach brónach a bhím gach Domhnach is mé ag sileadh deora mar gur fada an lá
‘Gus a Rí na Glóire cha bhím i bhfad beo, mura bhfaighidh mé póg ó mo mhuirnín bán.

Dhéanfainn m’éagaoin leatsa, a chéadghrá, dá measfainn fhéin go mbeadh maith domh ann.
Mar is tú a réab mo chroí ina mhíle píosaí ‘gus d’fhág na néaltaí seo fríd mo cheann
A mhaiseach bhéasach na malaí caola is na gcurcán gléigeal atá fáinneach fionn.
Ó triall a m’fhéachaint agus mé ag feitheamh go géar leat ‘gus mé cloite i ngrá le mo mhuirnín bán.