An tAmhrán Bréagach – Corn Uí Riada 2008

Téamaí

An tAmhrán Bréagach

Céard deir tú le Gaillimh a bhuail challenge ar Chontae an Chláir,
‘S céard deir tú le Garumna a casadh ‘na fhear fianaise ann,
Tá Sceirde is Dún Godail sna sodair ag teacht le cóir,
Mura stopa an Bhreachlainn iad réabfaidh siad Árainn Mhór.

Bhí mise lá i nGaillimh, lá stoirm agus gála mór,
Cé d’fheicfinn ag dul tharam ach Ceann Gainimh is é ag iompar seoil,
Bhí oileán an Anma  ag creatha le heagla mhór
‘S Ceann Gólaim ‘na mhada ag tafann ar Árainn Mhór.

Is chonaic mé yacht ag dul trasna thrí Árainn Mhór
Bhí dreancaid mhara ar an locker is í á gabháil
Bhí lampaí airgid i mbarr a cuid crainnte seoil
‘S gurb iad réalta an tseaca ‘bhí lasadh na gcoinnle dhóibh .

Is chonaic mé roc i gcluais goirt is é ‘bleán na bó
Bhí naoi gcinn de chóininí ar meisce ‘théis brandy ‘ól
Bhí an eala ‘s an chéirseach ag méileach ar mhaidin Luan Cásc’
S’ a bradán ‘na léine siúl ar gha gréine lá breá.

‘S chonaic mé cricket is a phiostail ar chúl an bheaic,
‘S bainne cíoch circe ag an bpuisín dá thabhairt dá mhac,
Chonaic mé portán ag éirí an-ard san aer,
Is bean ag cur chochaill ar abhainn a bhí taobh thiar den ghréin.

‘S chonaic mé cearc is ba mhaith uaithi an túirne a shníomh,
Bhí an coileach faoi dheifir ‘s é ‘bealáil a bhuataisí,
An frog ins an nglaise agus watch ina phóca thíos,
Is dreoilín ar maidin ar fhuinneog ‘s é ag daimsiú ríl.

‘S chonaic mé iontas nach bhfaca mórán fós,
Loch fhada Ghlionnáin faoi chruithneacht ag dhá mhíol mhór,
An fheamainn a baineadh faoi Shamhain ar Bhinn na nGabhar,
Bhí eascann le waigín dá tarraingt go Barr na hAbhann.

Deir Oileán Mhic Dara go bhfaca sé iontas mór,
Caorán an Leathmháis is maide aige ag seoladh bó,
Tower Chnoc an Choillín mar eggstand ag Maoile ag ól
Is gliomach ‘seoladh beithíoch  i ngleanntáin ‘gus é ‘díol ceo.

Tá fíodóir i gCamus darb ainm dó Sála Laoi
Is tá bréidín caol fite aige ar Ghorumna thóin Uí Fhloinn
Sé tonn Chnoc na Siongáin tonn aiteann is fearr sa tír
Gur amuigh ar an gcnocán a chuireann sé an nós sa tslí.

Tá an Coillín ina phota, ‘s Dubhleitir ‘na mhéaracán
Tá an Caiseal na bheanna is Gleann Trasna ‘na bhácús aráin
Tá cnoc Leitir Calaidh ag teacht ar cuairt don Aird
‘Gus Daithí Ó Ceallaigh ar an mbaile seo ‘g iarraidh mná.