Cat Róisín Uí Chuinn – Sean Nós na mBan 2017

Cat Róisín Uí Chuinn

Bhí caitín beag agam ’s d’imigh sé uaim,
Is casadh isteach é go hoileán an chlaí.
Casadh mná greannmhaire ’ clann Nóra Uí Eidhin
Agus fuaireadar bainne do mo chaitín gan mhoill.

Agus d’imigh mo chaitín ar oileán ar cuairt,
Is casadh isteach é go Baile Ros Rua.
Nuair a chuala na madraí go dtáinig sé anuas,
Nár bhain siad dhó an drioball agus barr an dá chluais.

Agus chuir mé mo chaitín amach go Sliabh Cuinn,
Nó go ndaimhseodh sé jig dhóibh ar mhullach a chinn.
Cléireachaí Shligigh agus bídís ann cruinn,
Ní scríobhfaidís cópaí cat Róisín Uí Chuinn.

Agus chuir mé mo chaitín amach go Sliabh Bán,
Nár mharaigh sé caora ar mhaoire sa ngleann.
Ar a dhul tríd an tír dhó is ea a réab sé a raibh ann,
Sé an rógaire Muimhneach sé péine an cat bán.

Agus mo dhiomú go deo don té a mharaigh mo chat,
Mar is iomaí sin ruidín a thabharfadh sé isteach.
Thabharfadh sé an t-éinín ó ghéagán an chrainn,
An londubh, is an chéirseach ‘gus naonúr dá gclainn.