Tomás Bán Mac Aogáin – Sean Nós na bhFear 2017

Amhránaí

Tomás Bán Mac Aogáin

‘S ag tíocht ó theach na tórramh dhom sea dhearc mé stór mo chroí
Mo chreach agus mo bhrón nach sa mbaile a chaith mé an oíche
Tá an arraing is í ag goil trasna thríom ’s í cónaí i lár mo chroí,
Ach, a stór, mar a dtéigh tú abhaile liom ní mhairfidh mé beo mí.

Is tháinig Tomás Bán ar cuairt agam ‘s mé in uaigneas bheag liom fhéin.
Séard dúirt sé, “ná bíodh buaireamh ort ná rud ar bith mar é.
Sé do chúilín dualach a mharaigh mé, is i ngeall ort crochfar mé,
‘S gur measa liom naoi n-uaire thú ná an mháithrín a d’oil mé.”

‘S tá cuireadh go Cill Chainnigh orm ‘s caithfidh mé a ghoil ann
Mar beidh ann seisiún cheathrúin idir Gaeil is Clainne Gall,
Ní dhaorfar ann ach beirt eicínt ‘s crochfar iad, mo léan,
‘S beidh Tomás Bán Mac Aogáin ann ’s Mac Uí Mhaoláin lena thaobh.

Is a chomharsanaigh is a chomhairleoirí ná tógaidh orm é
Mar chuaigh mé ag múineadh an eolais go hóg le stór mo chroí
Ní bhfuair mé ariamh droch-eolas go fóill ó rugadh mé,
Is mara b’fheicfinn ach ag goil an bóithrín é go dtógfadh sé mo chroí.

‘S a Thomáis Bháin Mhic Aogáin, sé mo léan thú bheith goil i gcill,
Cén t-iontas go do mháithrín bhocht bheith go brónach i do dhiaidh,
Mar dhá mbeifeá ar leaba an bháis aici cén chás dhi thú a bheith tinn,
Ach í go do crocha as na saltrachaí is a’ bháisteach le do dhroim.

Is ní slad mainistreach ná teampall a rinne stór mo chroí,
Ní feoil ná geir a shantaigh sé ná rud ar bith mar é,
Ach i ngeall ar bhólach Stanley crochfar é mo léan,
‘S an té a bhfuil grá go Chlainne Gall aige, an ceann go gcaille sé.

Is nach bhfuil garda breá láidir ag tíocht le stór mo chroí,
Beidh Gearaltaigh Chluain Dálaigh ann is arm seasta an Rí
Beidh Major Óg Ó Conaill ann is Ó Ceallaigh as Cluain Aoidh.
‘S dhá mbeadh triúr mar Chonaill óg agam, ní chrochfaí stór mo chroí.