Ceaití an Chúil Chraobhaigh – Sean Nós na mBan 2016

Téamaí

Ceaití an Chúil Chraobhaigh

A Cheaitín an chúil chraobhaigh, nó cén taobh dhíomsa a mbíonn tú?
Nó ar phós tú ariamh ar aon chor nó ar gan chéile a bhéas tú choíchin?
Níor phós mé ariamh ar aon chor is mo thaobh deas níor shíneas,
‘S cá bhfuil an fear in Éirinn a bheadh do m’éileamh ar an gcaoi sin.

Cheal nach n-aithníonn tú fhéin mé, a ghrá geal mo chroí thú,
‘S mé Ceaitín an chúil chraobhaigh a thug grá chléibh dhuitse choíchin,
Ní tú muis ar aon chor, mar níl aon cheo de do ghnaoi ann,
Is nach sin d’fhág in éag mé i mo gha gréine ar thaobh gaoithe.

‘Gus is faraor crua chráite nach é an bás a gheall Dia dhom,
Nuair a chonaic mé do dhá láimhín dhá gcasadh san éadach,
Is tú ag goil i gcónra na gceithre gclár is na táirní ina héadan,
‘S nach raibh mise ag ól do shláinte is tú os cionn cláir i nDún Éideann.

Tabhair mo mhallacht do do mháithrín is go deo deo go d’athair,
Is a mhaireann beo in Éirinn do do mhuintir dhá seasann,
Nár thug cead dhúinn a chéile a phósadh sul má tarraingíodh sa gcaint muid,
Ní bheadh bainis do phósta ar do thórramh dhá caitheamh.

Nuair a shíleanns mo mhuintir go mbímse ar mo leaba
Nach ag do thuamba a bhím sínte ó oíche go maidin,
Ag osnaíl is ag déanamh buairimh, is ochón ó, nach deacair,
I ndiaidh mo chailín deas uasal a bhíodh á lua liom is í ina leanbh.

Nach mise anois an cadhain aonraic ar thaobh Chnoc na Coille,
Im Oisín i ndiaidh na Féinne is an taobh chlé liom dhá sparradh,
A Cheaití an chúil chraobhaigh, a Cheaitín mo chroí thú,
Dhá bhfaighinnse greim dhá láimhín ort, ní scarfainnse choíchin leat.