Neilí Bhán – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

Neilí Bhán

A Neilí Bháin, nach tú mo ghrá,
Is tú caraidín mo chroí,
Lig mo dheasláimh thar do bhráid,
Nó ní mhairfidh mé beo mí,
Is shnámhfainnse an tSiúir leat
Is an tSionainn mhór ina diaidh,
Mar thug tú an barr leat an lá údan
I mBaile Locha Riach.

Dhá mba liomsa Port Omna,
Agus Baile Locha Riach,
Is Luimneach gan chuntas,
Is baile mór Bhleá Cliath,
Nach go do mhuintir fhéin a thabharfainnse
An leath mhór agus dhá dtrian,
Le súil is go mbeinnse ag déanamh cleamhnais leo,
Lá fada agus bliain.

Is faraor ghéar nár cailleadh mé
Amuigh ar an sliabh,
San áit a mbeadh mo chnámha
Á bpiocadh ag an bhfiach.
Sul má thit mise i ngrá leat,
A bhruinneall na ngealchíoch.
Is gur b’fhearr le do mháithrínse
Mura bhfeicfeadh sí mé ariamh.