Peigí Mistéal – Corn Uí Riada 2011

Peigí Mistéal

Agus b’aite liom bean a d’imreodh cleas is nach gclisfeadh ar a ghrá
A shiúlfadh isteach le gean ar fhear is nach seasfadh leis sa tsráid
A béilín deas is milse blas ná mil na mbeach faoi Cháisc
Is a cúl trom tais a bhí fáinneach glas – sí Peigín atá mé a rá.

Is míne a cneas ná clúmhach mín geal ná cúr na toinne ag tráú
An chraoibhín gheal nár chríon is nár mheath nó go dtigeann uirthi bláth
Nó go dté mé i bhfeart tá m’intinn leat a Pheigín a mhíle grá
Sé mo léan is mo chreach gan mé is thú seal ar chóstaí Mheiriceá.

A stór mo chroí ná tréig do mhian ach breathnaigh isteach sa gcás
Nuair a thiocfas an tslí beidh ól ar fhíon is ní baol dhúinn choíchin bás
A bhláth na gcraobh nár bhocht an scéal mura mbeifeá dhomsa in ann
Is ar uaisle an tsaoil dhá mbeinn i mo rí gur leatsa a chraithfinn láimh.

Dhá bhfaighinnse caoi nó áit le suí ní chónóinn mí go brách
Nó go scríobhfainn síos le peann deas caol do chuma agus do cháil
Mar níor rugadh ariamh aon bhean sa saol a bhainfeadh dhíot an barr
Ó scriosadh an Traoi mar gheall ar mhnaoi is ó cuireadh Deirdre chun báis.

Tá lonradh an óir i bhfolt ma stór is é ag fás go fáinneach, fionn
Chomh glas le deoir go béal a bróg is é ag fás ó uain a cinn
A bhláth na n-úll is breáichte snua ná duilliúr glas na gcrann
Faigh réidh Dé Luain nó go dtéam chun siúil agus féach go bhfuil tú in am.

Tá breáichte is gile, fuil is cuisle agus lasadh breá dá réir
Ina com is gile cumhra, deiseacht súl is leagan béil
Níl bréag ar bith sa scéal atá amuigh gur fear mé atá gan chéill
Le bliain is inniu go síorraí ag silt le cumha i ndiaidh bhláth na gcraobh.

Mo ghrá faoi dhó na mná go deo mar is iad d’fhága mise tinn
Ag déanamh bróin faoi luach an óil de dhíobháil é a bheith cruinn
B’fhearr liomsa póg ó Pheigín ar ndóigh dhá bhfaighinnse ar uaigneas í
Ná saibhreas Sheoirse, cé gur mór é a leath, dhá mbeadh sé cruinn.

B’aite liom doirteadh a bheith ar phórtar agus cannaí lán de leann
Puins ar bord agus gloine chóir dhá mbeadh mo phócaí teann
Mo ghrá is mo stór a bheith os mo chomhair ag caint is ag comhrá liom
Óra, is léi a d’ólfainn luach an óil dhá mbeadh mo chóta i ngeall.