An Casaideach Bán

An Casaideach Bán

Thug mé an ruaig údan ó mhullach na cruaiche
Agus chugat anuas an tSléibhe Bháin
Ar thuairisc mo chailín deas d’fhága m’intinn buartha
Is a rinne gualdubh do mo chroí ina lár
Ó d’at mo ghuaillí go smig mo chluasa
Agus fuair mé fógra glan géar ón mbás
Is níl duine dhár gcuala mo scéal an uair sin
Nár dhúirt go mba trua liom an Chasaideach Bán.

Ar cheann an staighre tá plúr gach maighdean
‘S í siúd meidhreóg an bhrollaigh bháin
Is trua nach liomsa í gan bó ná puntaí
Is í bheith gan chuntair liom ar láimh
Óra dhéanfainn teach mór dhi ar shiúil an bhóthair
Agus chuirfinn cóistí faoina clann
Is a chúilín ómra dá mblíteá bó dhom
I do cheangail Fómhair ní chuirfinn suim.

Nach aisteach an réasún le gur chuir tú i gcéill dhom,
Nach bhfásadh an féar thríd an talamh aníos,
Nach ndéanfadh an ghealach solas do Éirinn,
‘S nach lasfadh na réalta i dtús na hoíche,
Níl brí ná spreacadh i dteas na gréine,
Is dhá snámhfadh na h-éisc ar an muir gan braon,
Is dhá n-éiríodh na tuilte chomh hard leis na sléibhte
Go deo ní thréigfidh mé grá mo chroí.

Ó bhí mé seal ag foghlaim Béarla,
Is dúirt an chléir liom go mba mhaith mo chaint,
An fhad úd eile gan unsa ar bith céille,
Ach ar nós na héiníní faoi bharr na gcrann,
Amuigh san oíche gan foscadh ná dídean,
Is an sneachta dhá shíorchur fá íochtar gleann,
Is a chúilín donn deas, ar chaill mé mo chiall leat,
Nár fhágha tú na grástaí mura n-éalófá liom.

Bhí mé i gcoláiste go h-am mo bhearrtha
Agus ins an ardscoil ar feadh chúig bliain
Nó go bhfuair mé oideachas agus comhairle ón Eaglais
Ach faraor cráite níor bhris mé thríd
Sé rí-mhór m’fhaitíos roimh Rí na nGrásta
Nach bhfuil sé i ndán dhom go dtiocfad saor
Mar is mó mo pheaca ná leath Chruach Phádraig
Mar gheall ar an ngrá a dtug mé do iníon maoir.

Ó siúd í tharainn í an eala bhán dheas,
Is í chomh gléasta le bean ar bith
‘Sé an trua gur gineadh í i mbroinn a máthar
Mar is do mba bhás a rugadh í.
Ó níl tom cíbe ná tulán timpeall
Ná gleanntáin aoibhinn ina mbíonn mo ghrá
Nach mbíonn ceol dhá sheinm ann de ló ‘s go oíche
Is go bhfóire Críost ar an gCasaideach Bán.