An tAmhrán Bréagach

Téamaí

An tAmhrán Bréagach

Céard déarfá le Gaillimh a bhuail challenge ar Chontae an Chláir,
‘S céard déarfá le Garumna a casadh ‘na fhear fianaise ann,
Tá Sceirde is Dún Godail sna sodair ag tíocht le cóir,
Is mura stopadh an Bhreachlainn iad réabfaidh siad Árainn Mhór.

Is bhí mé lá i nGaillimh, lá farraigí is gála mhór,
Cé d’fheicfinn ag tíocht a’am ach Ceann Gainimh faoi lán trí scód
Bhí lampaí airgid i mbarr a cuid crainnte seoil
‘S ba réalt an tseaca ‘bhí lasadh na gcoinnle dhó.

Is chonaic mé roc i nglas ghort is é ‘bleán bó
Bhí naoi gcinn de choininí ar meisce ‘héis brandy ‘ól
Ó chonaic mé portán ag éirí an-ard san aer,
Is fear ag ól bainne gan carbad srón nó béal

‘S chonaic mé cearc is ba mhaith uaithi an túirne a shníomh,
Is chonaic laca is í stripáilte ag cardáil lín
Bhí frog ina an nglaise is watch ina phóca thíos
Is dreoilín ar fhuinneog ar maidin ‘s é ag daimsiú ríl.

Is chonaic mé iontas nach bhfaca mórán fós
Ó Loch fhada Ghlionnáin faoi chruinneacht ag dhá mhíol mhór
An fheamainn a baineadh faoi Shamhain ar ar mhín na ngabhar
Is bhí eascann le waigín á tarraingt go barr na habhann.

Is deir Oileán Mhic Dara go bhfaca sé iontas mór,
Ó caora ar leathchois is maide aige ag seoladh bó,
Tower Chnoc an Choillín mar eggstand ag Maoile mór
Is gliomach ‘seoladh beithíoch i ngleanntáin is é ‘díol ceo.

Is tá fíodóir i gCamus darb ainm dó Sála Laoi
Tá bréidíní fite aige ar Ghorumna thóin Uí Fhloinn
Sé tonn Chnoc na Siongáin tonn aiteann is fearr sa tír
Is gur amuigh ar an gcnocán a chuireann sé an nós sa tslí.