Eanach Cuain

Téamaí

Eanach Cuain

Má fhaighimse sláinte is fada a bheas trácht
Ar an méid a báthadh as Eanach Cuain.
Mo thrua amárach gach athair ’s máthair,
Bean is páiste atá ag sileadh súl.
A Rí na nGrásta a cheap Neamh is Parrthas,
Nár mhór an tábhacht dhúinn beirt nó triúr
Ach lá chomh breá leis, gan gaoithe ná báisteach,
Is lán an bháid acu a scuabadh ar shiúl.

Nár mhór an t-ionadh os comhair na ndaoine
Dhá bhfheiceáil sínte ar chúl a gcinn
Screadach is caoineadh a scanródh daoine,
Gruaig á cíoradh is an chreach dhá roinnt.
Bhí buachaillí óga ann, ag tíocht an fhómhair,
Dhá síneadh ar chróchair ‘s dhá dtabhairt go cill;
Is gurbh é gléas a bpósadh a bhí dhá dtórramh,
‘S a Rí na glóire, nár mhór an feall.

Bhí Máire Ní Ruadháin ann, an buinneán gléigeal
An cailín ba spéiriúla a bhí againn san áit
Ghléas sí í fhéin go moch ar Dé Céadaoin
Le dhuil chun aonaigh go Cnoc Doláin
Bhí cóta uirthi do thogha an éadaigh
Caipín lace agus ribín bán
‘Gus d’fhág sí a máithrín go brónach cráite
Ag silt na ndeora arís go brách.

Loscadh sléibhe agus scalladh cléibhe
Ar an áit ar éagadar is milleán crua;
Mar is iomaí créatúr a d’fhág sé ag géarghol,
Ag sileadh is ag éagaoin gach maidin Luan;
Ní díobháil eolais a chuir dhá dtreoir iad
Ach an mí-ádh mór a bhí sa gCaisleán Nua.
Sé críoch an amhráin gur báthadh mórán
‘S d’fhág údar dóláis ag Eanach Cuain.