Amhrán an Phoitín – Corn Uí Riada 2014

Téamaí

Amhrán an Phoitín

Ní le amh-bháilis a chuaigh mé i bpríosún
Le gadaíocht caorach ná le cúrsaí mná
Ach braonín poitín a bhí mé dhéanamh
Is nár tháinig na Peelers orm roimh ‘a lá.

‘S a sháirsint Luther nár chuire Dia an t-ádh ort
Ná ba fada go síntear thú le taobh do mhná
Is a bhfuil de Iúdaigh ó leac na crúnach
Go mbí go do chúinneáil ar uair do bháis.

Mar is tú thug an ticéad dhom le dhul sa bpríosún
San áit ar shíl mise nach raghainn go brách
Nach mór é do ghaolsa le sliocht Luther
De ghadaí a d’iompar as an taobh thall.

Nár gléasadh suas mé sa gculaith shuarach
Leath stoca dubh orm ‘s leath stoca bán
Bhí péire slipéirí den déanamh cluasach
Dheamhain blas a bhí iontu ach aon pholl amháin.

Tháinig tríúr chugam lá ‘rna mhárach
Is lán a mbéil acu i sáspan cáirt
Bhí braonín bainne a raibh dath an fhéir air
Is ina-dhiaidh sin fhéin nár mhaith dhom ‘fháil

Unsa mairtfheoil ar mo dhinnéar
Ar uair a’ dó dhéag aon ghreim amháin
Bhí braonín caifé a raibh boladh bréan uaidh
Is chuirfeadh sé sin fhéin na Danes chun báis.

‘S nach bean is fiche againn a bhí sa ngáirdín
‘S é Turn Key a bhí ina mháistir ann
Nach raibh-dar ag imeacht in aghaidh a leath taobh
Mar bhíonn na caoire leis an ngalar cam.-
Nach aisteach na smaointe iad seo théann thríomsa
Is gur bheag an imní tá ar mo chlann
Is an bhean bhocht eile a raibh mé ag saothrú dhí
Nach bhfuil sí ag caoineadh anois is gan maith dhi ann.

‘S nár ghearr le ord i gcluais a mbualadh
Bhí duan na crutha orainn in aghaidh gach lá
Is má tá seomra in Ifreann thíos leath chomh fuar leis
Go bhfóire Dia ar an té a ghabhfas ann.